text
stringlengths 4
104k
| token_count
int64 3
42.3k
|
|---|---|
Seó Spóirt. Ba chlár teilifíse spóirt Éireannach a craoltar gach seachtain ar an stáisiún TG4 é Seó Spóirt. Curtha i láthair ag an iarpheileadóir Ciarraíoch Dara Ó Cinnéide, caitear súil ar na cluichí Gaelacha (an pheil agus an iomáint ach go háirithe) atá ag teacht ag an deireadh seachtaine agus buailtear le cuid de na himreoirí agus bainisteoirí atá i gceist.
Ba é Mícheál Ó Domhnaill a bhí ag cur an seó i láthair sa bhliain 2008, ach tháinig Ó Cinnéide isteach ina áit don tséasúir nua i 2009.
I measc na aoínna agus tráchtairí atá ann ná Seán Bán Breathnach, Tomás Ó Flatharta, Coman Goggins, Páidí Ó Sé, Pat Fleury, Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha agus daoine eile.
Chuir TG4 deireadh le chraoladh an chláir sa bhliain 2017, tar éis aon bhliain déag.
| 316
|
Beannchar, Co. Uíbh Fháilí. Baile in Éirinn is ea Beannchar. Tá sé suite ar bhruach na Sionainne in iarthar Chontae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean. De réir an daonáirimh, bhí timpeall is 1600 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006.
| 100
|
Droichead na Sionainne. Baile in Éirinn is ea Droichead na Sionainne. Tá sé suite ar bhruach na Sionainne in iarthar Chontae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean. Tá timpeall is 600 duine ina gcónaí ann.
| 83
|
An Féar Bán. Baile in Éirinn is ea an Féar Bán. Tá sé suite idir Biorra agus Áth Luain i gChontae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean. Tá timpeall is 800 duine ina gcónaí ann.
Spórt.
Is é Ferbane GAA an club GAA áitiúil.
Bhí "Sean, Brendan & Michael Lowry" (deartháireacha) páirt den foireann a bhuaigh an Uile-Éireann sa bhliain 1982.
Iompar.
D'oscail stáisiún iarnród sa bhaile sa bhliain 1884 ach dhún siad é ar an 1 Eanáir 1963.
| 184
|
Raithean. Baile in Éirinn is ea Raithean. Tá sé suite i ngar do Thulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean.
| 54
|
Cill Dalua. Baile in Éirinn is ea Cill Dalua. Tá sé suite in iarthar na tíre i gContae an Chláir i gCúige Mumhan. Bhí 1035 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006, de réir an daonáirimh.
| 78
|
Cnocán Bhólais. Sráidbhaile beag in Éirinn is ea Cnocán Bhólais. Tá sé suite i bparóiste Chill Achaidh gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean. Tá eaglais, scoil náisiúnta, siopa / oifig an phoist agus dhá theach tábhairne ann. Tá club de chuid CLG ann freisin, Cill Chormaic-Chill Achaidh. D'imir Stephen Byrne, a bhí mar chúl báire ar fhoireann Uíbh Fhailí nuair a bhuaigh siad Craobh Iomána na hÉireann sa bhliain 1998, don chlub.
| 179
|
Cill Achaidh. Baile beag in Éirinn is ea Cill Achaidh. Tá sé suite i gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean. Tá seacht mbunscoil agus meánscoil amháin suite i bparóiste Chill Chormaic agus Chil Achaidh.
| 82
|
Pollach. Sráidbhaile in Éirinn is ea Pollach. Tá sé suite idir Tulach Mhór agus an Féar Bán i gContae Uíbh Fhailí i gCúige Laighean. Is í Tulach Mhór an baile is gaire do Phollach. Tá timpeall is 800 duine ina gcónaí ann (2011).
| 97
|
Antóin de Brún. Duine spóirt Éireannach is ea Antóin de Brún, nó "Tony Browne" mar atá aithne níos fearr air as Béarla. Is iománaí rathúil é a imríonn leis a chumann áitiúil Cnoc Sióin i gContae Phort Láirge agus le foireann idirchontae Phort Láirge.
Tá trí ghradam All-Star buaite aige, agus roghnaíodh é mar Iománaí na Bliana don bhliain 1998.
| 147
|
Eoghan Ó Tuairisc. File, drámadóir, úrscéalaí agus criticeoir nótáilte ab ea Eoghan Ó Tuairisc nó Eugene Rutherford Watters (3 Aibreán 1919 i m Béal Átha na Sluaighe - 24 Lúnasa 1982). Is iad an dá úrscéal stairiúla - "L'Attaque", a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, agus "Dé Luain", ina bpléitear Éirí Amach na Cásca - is mó a thuill cáil d'Eoghan Ó Tuairisc i measc lucht na Gaeilge.
Saol.
Bhí a athair, Thomas Watters, sna Connaught Rangers. Gortaíodh ag an Somme é. Bhí gnó tacsaí aige i ndiaidh an chogaidh. Scéalaí maith ba ea é
Fuair Eoghan Ó Tuairisc a chuid oideachais i gColáiste Ghearrbhaile i mBéal Átha na Sluaighe. Trí Ghaeilge a dhéantaí na scrúduithe go léir ann.
D'fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i nDroim Conrach, ó 1939 go 1945, agus bhain sé amach dioplóma san oideachas. Bhí sé ina mhúinteoir i bhFionnghlas, ó 1940 go dtí 1960.
I rith na hÉigeandála 1940-45, chaitheadh sé an chuid is mó dá laethanta saoire samhraidh mar oifigeach coimisiúnta san arm.
Sa bhliain 1947, bhain sé amach céim M.A. i litríocht an Bhéarla i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.
Sa bhliain 1960, d'éirigh sé as a phost i bhFionnghlas le bheith ina scríbhneoir lánaimseartha agus bhí ganntanas ioncaim ag cur air go síoraí.
Bhí sé ina eagarthóir ar "Feasta", iris Chonradh na Gaeilge, sna blianta 1962-1965.
Fuair sé bás tobann; bhuail taom croí é ar 24 Lúnasa 1982, in aois 63 dó.
Scríbhneoireacht.
Scríobh sé lear mór ábhair, idir Bhéarla agus Ghaeilge: aistí, filíocht, drámaí agus úrscéalta. Anuas go 1960 b’fhéidir gurbh i mBéarla agus faoina ainm Eugene Watters is mó a bhíodh sé ag scríobh.
Ba é "Murder in Three Moves" a chéad shaothar mór le rá (1960). Ina dhiaidh sin foilsíodh "L'Attaque" (as Gaeilge) agus "Week-End".
Is iad an dá úrscéal stairiúla - "L'Attaque (1962)," a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, agus "Dé Luain (1966)," ina bpléitear Éirí Amach na Cásca - is mó a thuill a cháil dó i measc lucht na Gaeilge.
| 860
|
Tomás Mac Curtáin. Polaiteoir Éireannach de chuid Shinn Féin agus Ard-Mhéara Chorcaí ab ea Tomás Mac Curtáin (20 Márta 1884 - 20 Márta 1920), a bhí maraithe ag baill de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann le linn an gCogadh Angla-Éireannach.
Cúlra.
Ag tús na 20ú haoise, bhí an leasainm "Loyal Cork" ar Chorcaigh de bharr dea-chaidrimh idir an Chontae agus an Bhreatain. Ach ní raibh gach éinne sásta. Tar éis Éirí Amach 1916, tháinig athrú mór ar an scéal. agus faoi thús 1920, bhí ollbhua ag Sinn Féin sa toghchán áitiúil, agus iad anois i gceannas ar Bhardas Chorcaí.
Den chéad air, bhí brat na Poblachta in airde ar Halla na Cathrach, agus toghadh an Poblachtánach, Tomás Mac Curtáin mar Ardmhéara. Thosaigh foréigean idir Óglaigh na hÉireann agus na Dúchrónaigh (ceaptha mar phóilíní, ní raibh meas madra acu ar na hÉireannaigh).
Iarmhairtí.
Chuir an eachtra míchlúiteach seo uafás ar mhuintir na tíre, agus ag an ionchoisne fritheadh David Lloyd George agus an Cigire Ceantair Swanzy ciontach as dúnmharú toiliúil.
Lámhach an tIRA Swanzy ní ba dhéanaí ar an 22 Lúnasa, 1920 i Lios na gCearrbhach, Contae Aontroma.
| 460
|
Mainistir Eimhín. Baile in Éirinn is ea Mainistir Eimhín. Tá an baile suite i gContae Chill Dara i gCúige Laighean. De réir an daonáirimh bhí 3017 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2006. Is iomaí droichead atá sa bhaile agus tá an Chanáil Mhór ann freisin. Mar sin, tugtar 'an Veinéis Éireannach' ar Mhainistir Eimhín uaireanta.
| 135
|
Christie Hennessy. Cumadóir agus amhránaí as Ciarraí ab ea Christie Hennessy (19 Samhain 1945 – 11 Nollaig 2007), a rugadh leis an ainm Edward Christopher Ross i dTrá Lí, Contae Chiarraí.
Sheinn sé ceol traidisiúnta mar cheoltóir aonair, agus scríobh sé roinnt amhrán rathúil do cheoltóirí eile, mar shampla
Cailleadh i Londain é, de bharr mhéisitéilióma agus aispeastóise, galair a phioc sé suas agus é ag obair ar na láithreáin tógála ina óige.
| 176
|
Bette Midler. Is ceoltóir agus ban-aisteoir Meiriceánach í Bette Midler (a rugadh ar an 1 Nollaig, 1945).
| 43
|
Sheryl Crow. Is amhránaí agus scríbhneoir amhráin Meiriceánach í Sheryl Crow (a rugadh ar an 11 Feabhra, 1962).
| 46
|
Jonathan Rhys Meyers. Is aisteoir Éireannach é Jonathan Rhys Meyers (a rugadh ar an 27 Iúil, 1977), a bhfuil clú air mar gheall ar a cuid rólanna sna sraitheanna teilifíse "Elvis" agus "The Tudors".
| 74
|
Claudia Schiffer. Is mainicín agus ban-aisteoir Gearmánach í Claudia Schiffer (a rugadh ar an 25 Lúnasa 1970). Bhí clú agus cáil dhomhanda uirthi sna 1990í. Deir "Forbes" gur fiú £38 milliún í.
| 76
|
Brigitte Bardot. Is ban-aisteoir agus mainicín Francach í Brigitte Bardot (a rugadh ar an 28 Meán Fómhair 1934). Bhí cáil dhomhanda uirthi sna 1950í agus 1960í de bharr a cuid scannán agus a híomhá ghnéasúil.
Is feachtasóir ar son chearta ainmhithe Bardot le fada an lá. Is veigeán í agus creideann sí nár cheart úsáid a bhaint as an aon rud a thagann ó ainmhithe.
Agus i ag dul in aois, d'éirigh Bardot go mór i bhfách leis an eite dheas agus bhí a cuid tuairimí ag tarraingt conspóide uirthi féin uaireanta.
| 202
|
Armia Krajowa.
Ba é Armia Krajowa, nó "An tArm Intíre", an ghluaiseacht frithbheartaíochta ba mhó sa Pholainn i rith an Dara Cogadh Domhanda. Ba é "Związek Walki Zbrojnej" ("Aontas na Gleice Armtha") ba chéadsíol leis an Arm Intíre, agus fuair sé an t-ainm nua i Mí Feabhra 1942. Ina dhiaidh sin, chuaigh an chuid ba mhó de na gluaiseachtaí frithbheartaíochta leis an Arm Intíre. D'fhan an tArm dílis don rialtas "émigré" i Sasana, agus is gnách dearcadh air mar arm na Polainne Rúnda i rith an chogaidh. Is deacair a rá cé mhéad treallchogaithe a bhí ann ar fad, ach is dócha go raibh líon na saighdiúirí rúnda seo idir 200,000 agus 600,000. Scoireadh an tArm Intíre ar an 20 Eanáir 1945, nuair a bhí an chuid ba mhó de na Gearmánaigh bailithe leo agus iad ag teitheadh roimh an Arm Sóivéadach.
Ba é an "Kotwica" suaitheantas agus siombail an Airm. Siombail is ea é atá ag breathnú cosúil le hancaire ("kotwica" as Polainnis), agus í curtha le chéile as na litreacha P agus W a sheasann do na focail "Polska Walcząca" - "An Pholainn ag Troid".
| 420
|
Revolutionary Road. Scannán ón bhliain 2009 is ea Revolutionary Road.
| 22
|
Watchmen (scannán). Scannán ón bhliain 2009 is ea Watchmen.
| 24
|
Dacár. Príomhchathair agus cathair is mó na Seineagáile is ea Dacár. Tá an chathair suite in iarthar na tíre ar chósta Atlantach na Seineagáile. Tá breis is 1,000,000 duine ina gcónaí i gcathair Dhacár, agus tá 2,450,000 duine ina gcónaí san achar cathrach.
| 108
|
V for Vendetta (scannán). Scannán ón bhliain 2006 is ea V for Vendetta.
| 28
|
Quantum of Solace. Scannán ón bhliain 2008 is ea Quantum of Solace.
| 25
|
Grace Kelly. Ban-aisteoir Meiriceánach agus réalta faisin ba ea Grace Patricia Kelly (), nó níos déanaí Grace, Banphrionsa Mhonacó, de phór Éireannach (12 Samhain, 1929 – 14 Meán Fómhair, 1982). Bhí Grace Kelly ar dhuine de na haisteoirí ba cháiliúla le linn ré órga Hollywood.
Saol.
Tháinig seanathair Grace as Baile Uí Fhiacháin, i gContae Mhaigh Eo. Chuaigh John Henry Kelly ar imirce chuig Philadelphia Mheiriceá in 1867. D’éirigh le Jack Kelly, athair Grace, trí bhonn Oilimpeacha a chrochadh leis dá ghaiscí rámhaíochta in 1920 agus 1924. Bhí a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige rud a d’fhág saol sócúil ag Grace.
Hollywood.
Sna 1950idí, d'oibrigh Kelly ar an stáitse agus i scannáin de chuid Hollywood. Sa bhliain 1955, bronnadh Oscar dá ról sa "The Country Girl," agus í i mbarr a réime gairmiúla. Bhí sí le feiscint ar scáileán taobh le leithéidí Gary Cooper, Clark Gable, Cary Grant, agus Bing Crosby agus bhí leithéidí Alfred Hitchcock agus John Ford mar stiúrthóirí aici.
Bhí a saol aisteoireachta in airde láin nuair a phós sí an Prionsa Rainier ó Phrionsacht Mhonacó in 1956.
Pósadh.
In 1955, d’eagraigh Paris Match deis fótagrafaíochta do Grace Kelly leis an bPrionsa Rainier ag an bPálás Ríoga in Monte Carlo. Níor aontaigh an bheirt a bhí i gceist leis ach go drogallach, is cosúil. Níor thúisce le chéile iad ná go raibh siad pósta.
Rinne an Phrionsa Rainier aistear chuig na Stáit Aontaithe i mí na Nollag – ar chúiseanna leighis, mar dhea – inar chaith sé an Nollaig le muintir Uí Cheallaigh agus inar iarr sé ar Grace é a phósadh. Ansin d'fhill Grace go Monacó san earrach dár gcionn chun pósadh. Phós sí Prionsa Mhonacó, Rainier III, ar 19 Aibreán 1956 agus d'fhág sí Hollywood.
Chaith Grace Kelly an chuid eile dá saol i Monacó.
Saol pósta
Bhí triúr páiste ag Grace Kelly: an prionsa Albert agus na banphrionsaí Caroline agus Stéphanie.
Fuair Grace Kelly bás de bharr stróc agus í ag tiomáint, ar an 14 Meán Fómhair 1982, tubaiste a fhágann greanta i scioból samhlaíochta an phobail í mar an duine óg álainn.
Grace in Éirinn.
Bhí Grace Kelly an-mhórtasach as a dúchas Éireannach. Mar shampla bhunaigh sí leabharlann Éireannach. Thug sí cúpla cuairt ar Éireann sna 1960dí agus na 1970idí (thug an Lánúin Ríoga cuairt stáit ar Éirinn don chéad uair sa bhliain 1961).
Chabhraigh Grace Kelly go mór saol an fhaisin in Éirinn a chur chun cinn nuair a chaith sí geansaí Árann i bpictiúir di féin faoi theas na gréine ar luamh ar an Meánmhuir, pictiúr a bhí ar chlúdach na hirise Vogue i lár na 1950idí.
Bhí Albert II i measc an phobail i mBaile Uí Fhiacháin i gcontae Mhaigh Eo mí na Márta 2023 nuair a nochtadh dealbh in ómós dá mháthair.
Tionchar.
Chuir an AFI ("Institiúid Scannáin Mheiriceá") Kelly in airde ag #13 i measc na mbanréaltaí scannáin is fearr a bhí ann riamh.
Tháinig mac le Grace Kelly, Ailbhe II (Albert Alexandre Louis Pierre Grimaldi), i gcomharbas ar a athair Rainier III sa bhliain 2005.
| 1,130
|
Katharine Hepburn. Ban-aisteoir Meiriceánach ab ea Katharine Houghton Hepburn (12 Bealtaine, 1907 - 29 Meitheamh, 2003). Bhí níos mó gradam Oscar bainte amach ag Hepburn ná aon aisteoir eile. Bhí seasca bliain caite aici ar an scáileán mór agus clú agus cáil uirthi dá bharr a pearsantacht láidir.
Saol.
Mar pháiste bhí sí ina cónaí i Connecticut, agus thosaigh sí ag aisteoireacht nuair a bhí sí ag freastal ar an ollscoil.
Tar éis tréimhse a chaitheamh ar an stáitse, d'éirigh léi Gradaim an Acadaimh a bhaint amach dá ról ina tríú phictúir "Morning Glory" sa bhliain 1933. Ach foraor, tar éis é seo, níor éirigh rómhaith lena scannáin ar feadh tamaill. Ach bean cliste a bhí inti, agus nuair a cheannaigh sí "The Philadelphia Story" díol siad é ar an gcoinníoll go raibh sí chun a bheith mar an bpríomhaisteoir sa scannán. D'éirigh thar barr leis an scannán, agus rinneadh ceolchoirm as (an scannán "High Society)".
Bhuaigh sí trí Oscar eile le haghaidh "Guess Who's Coming to Dinner" (1967), "The Lion in Winter" (1968) agus "On Golden Pond" (1981).
Thosaigh sí ag déanamh scannáin teilifíse sna 70dí, agus lean sí a dhéanamh iad go dtí a blianta deireanacha. Rinne sí a scannán deireanach sa bhliain 1994.
Bás.
Tar éis tréimhse gan obair agus lena sláinte ag ísliú, fuair Hepburn bás i 2003 in aois 96 di. Bhuaigh Cate Blanchett Gradaim an Acadaimh dá bharr a ról mar Katharine Hepburn sa scannán "The Aviator", faoi saol Howard Hughes (Leonardo DiCaprio).
| 552
|
Kim Basinger. Is aisteoir í Kim Basinger (a rugadh ar an 8ú Nollaig, 1953), a raibh an-rath uirthi i scannáin Hollywood sna 1980í agus sna 1990í, i ndiaidh di seal a chaitheamh mar mhainicín fhaisean.
Bhí sí pósta leis an aisteoir cáiliúil Alec Baldwin ar feadh naoi mbliana, agus stádas ard acu mar lánúin i Hollywood. Bhí iníon amháin acu, darbh ainm, Ireland.
Gradaim agus ainmniúcháin.
Tá 9 ngradam buaite ag Basinger. Tá 29 ainmniúchán faighte aici.
| 189
|
Patrice de Mac Mahon. Ba é Marie Edme Patrice Maurice de Mac-Mahon (13 Meitheamh 1808 - 17 Deireadh Fómhair 1893) Uachtarán na Fraince idir 1873 agus 1879. Throid sé in aghaidh na Prúise sa bhliain 1870. Rinneadh Uachtarán na Fraince de i ndiaidh an chogaidh.
| 105
|
The Fratellis. Is banna ceoil Albanach é The Fratellis. Tá dhá albam acu: "Costello Music" (2006) agus "Here We Stand" (2008).
| 50
|
In Bruges. Scannán ón bhliain 2008 is ea In Bruges.
| 22
|
Vincent Auriol.
B'é Jules-Vincent Auriol (27 Lúnasa 1884 - 1 Eanáir 1966) Uachtarán na Fraince idir 1947 agus 1954.
| 55
|
Bella Swan. Is carachtar ficseanúil í Isabella "Bella" Marie Swan (13 Meán Fómhair, 1987 a rugadh í) sa tsraith leabhar Twilight.
| 47
|
Ron Weasley. Carachtar draíodóir ficseanúil a chruthaigh an scríbhneoir Sasanach, J. K. Rowling, is ea Ronald Bilius "Ron" Weasley.
| 51
|
Jorge Luis Borges. Scríbhneoir scéalta fantaisíochta ón Airgintín ab ea Jorge Francisco Isidoro Luis Borges Acevedo, nó Jorge Luis Borges , mar a shínigh sé a chuid scéalta. Tháinig sé chun saoil i mBuenos Aires ar an 24 Lúnasa 1899, agus cailleadh sa Ghinéiv é ar an 14 Meitheamh 1986. Tógadh go dátheangach é le Béarla agus le Spáinnis araon. Sa bhliain 1914, d'aistrigh an teaghlach go dtí an Eilvéis, agus chuaigh sé ar scoil ansin. Ina dhiaidh sin, thug siad turas ar fud na Spáinne. D'fhill Borges go dtí an Airgintín sa bhliain 1921, agus ansin, thosaigh sé ag scríobh. Tháinig an chéad chúpla scéal leis i gcló ar irisí de chuid lucht leanúna an osréalachais. Chuaigh sé le leabharlannaíocht mar shlí bheatha. Nuair a tháinig Juan Perón i gcumhacht san Airgintín, b'éigean do Borges post an leabharlannaí a fhágáil agus cur suas le géarleanúint pholaitiúil. Bhí sé ábalta, áfach, léachtanna a thabhairt go poiblí.
Nuair a bhí sé ag druidim chun cnagaoise, chaill sé radharc a shúl de dheasca galar oidhreachtúil. Sa bhliain 1955, ceapadh ina stiúrthóir ar Leabharlann Náisiúnta na hAirgintíne é, agus rinneadh Ollamh le Litríocht de in Ollscoil Buenos Aires. Sa bhliain 1961, bhain sé amach clú agus cáil ar fud an domhain, nuair a bronnadh "Prix Formentor", duais idirnáisiúnta na bhfoilsitheoirí, air. Ansin, cuireadh a lán teangacha ar a chuid saothar, agus foilsíodh iad sna Stáit Aontaithe agus ar fud na hEorpa.
| 573
|
Nana Mouskouri. Is ceoltóir í Nana Mouskouri (Gréigis: Nάνα Μούσχουρη), rugadh Ioanna Mouskouri (Gréigis: Ιωάννα Μούσχουρη) ar 13 Deireadh Fómhair 1934, in Chania, Crete, An Ghréig, a tá breis is 300 milliún ceirnín díolta aici. Is duine de na ceoltóirí is rathúla ar domhain í. Tugadh Nana uirthi i dteannta a cairde agus a clann ó bhí sí óg. Tá amhráin taifeadta i dteangacha éagsúla; an Ghréigis, Fraincis, Béarla, Gearmáinis, Ollainnis, Iodáilis, Spáinnis agus Breatnais ina measc.
Saol.
Bhí cónaí ar theaghlach Mouskouri in Chania, Crete, ina raibh a hathair, Constantine, ina samhailfhadaitheoir scannáin. Bhí a máthair, Alice ina ban-uiséir sa phictiúrlann céanna. Nuair a bhí Nana trí bliana d'aois, bhog a hathair an teaghlach go dtí an Aithin. D'oibrigh teaghlach Mouskouri go hiontach crua le Nana agus a dheirfiúr is sine, Jenny, a chuir chuig Athens Conservatoire. Thaispeáin Mouskouri bua mór ceoil agus í sé bliana d'aois. Áfach, bhí cuma níos fearr ar an scéal ag Jenny ag an am.
Agus í dhá bhliain déag d'aois, thosaigh Nana ag éisteacht go minic le Frank Sinatra, Ella Fitzgerald, Billie Holiday, agus Édith Piaf ar an raidió.
Thosaigh Nana ag ceol i gclubanna oíche á baint úsáid mhór as ceol Ella Fitzgerald. I 1957, thaifead sí a céad amhrán, "Fascination", i nGréigis agus i mBéarla. I 1958 bhuail Nana le Manos Hadjidakis. Bhí suim mhór ag Hadjidakis i nguth aitheanta Nana, agus shocair sé amhráin a scríobh di. I 1959 rinne Mouskouri "Kapou Iparchi I Agapi Mou", amhrán de chuid Hadjidakis a thaifeadadh (comh-scríofa ag ab bhfile Nikos Gatsos) ag oirniú Fhéile Cheoil na Gréige. Bhí an bua ag an amhrán sa chomórtas agus cuireadh tús le rath agus aitheantas Mouskouri.
Ag Féile Cheoil na Gréige i 1960, cheol Nana dhá amhrán eile de chuid Hadjidakis; "Timoria" agus "Kiparissaki". Tugadh an chéad duais don dá amhrán. Cheol Mouskouri amhrán Kostas Yannidis, "Xypna Agapi Mou", ag Féile Amhránaíochta na Meánmhuirí a bhí ar siúl don bhliain sin i mBarcelona. Bronnadh an chéad duais ar an amhrán agus shínigh sí conradh le Philips-Fontana, suite i bPáras.
I 1961, rinne Mouskouri fuaimrian a taifeadadh do scannán Gearmánach faoin Ghréig. De thairbhe, rinneadh singil Gearmáinis lainseáil, "Weiße Rosen aus Athen" ("White Roses from Athens"). Rinneadh na focail a chur le fonn de chuid Hadjidakis. Bhí an singil an-rathúil, agus dhíol sé breis is milliún cóip sa Ghearmáin. Aistríodh na hamhráin go teangacha eile. Is ceann de príomh-amhráin Mouskouri é, fiú sa lá atá inniu ann.
Saol teaghlaigh.
Phós Mouskouri Yorgos Petsilas in 1961. Tá dhá pháiste acu, mac, Nicolas a rugadh ar 13 Feabhra 1968 agus iníon, Hélène, leasainmnithe Lenou, a rugadh ar 6 Iúil 1970. I 1974, scar Mouskouri agus Petsilas. I 1975, colscaraíodh iad go hoifigiúil.
Tá cónaí ar Mouskouri san Eilvéis lena dara fear céile, André Chapelle, a phós sí ar 13 Eanáir 2003.
| 1,169
|
Edward Cullen (Twilight). Is carachtar cumtha é Edward Cullen (20 Meitheamh, 1901 a rugadh é) sa tsraith leabhar Twilight.
| 41
|
Emma Watson. Ban-aisteoir Sasanach is ea Emma Charlotte Duerre Watson (15 Aibreán 1990 a rugadh í).
Luathshaol.
Is as Sasana iad a thuismitheoirí. Jacqueline Lusby is ainm dá máthair agus Chris Watson is ainm dá hathair.
Rugadh Emma Watson i bPáras na Fraince. Bhog sí go hOxfordshire nuair a bhí sí cúig bliana d’aois. Chuaigh sí go Scoil Headington.
Aisteoireacht.
I 1999, bhí an pháirt Hermione Granger aici sa scannán Harry Potter. Fuair sí gradaim go leor níos déanaí:
Ó shin, ghlac Emma Watson páirt sa scannáin ‘Perks of Being a Walflower’, ‘Bling Ring’, ‘Noah’ agus "Beauty and the Beast" i 2017.
Oideachas.
D’fhreastail sí ar Ollscoil Brown in Rhode Island, sna Stáit Aontaithe (agus ar Worcester College, Ollscoil Oxford, ar feadh tamaill). Fuair sí céim i litríocht i mBealtaine 2014.
Saol.
Bhí sí ina mainicín do "Burberry" sa bhliain 2009.
Is "Goodwill Ambassador" leis na Náisiún Aontaithe í Emma Watson.
| 325
|
Clint Eastwood. Is aisteoir agus stiúrthóir scannáin é Clint Eastwood a rugadh ar an 31 Bealtaine 1930) agus a bhfuil an clú is mó air mar gheall ar a charachtar íocónach sa scannán "Dirty Harry".
| 74
|
Baile Mhic Íre. Sráidbhaile beag in Éirinn is ea Baile Mhic Íre. Tá an baile suite in iardheisceart na tíre i ngleann an tSuláin i gContae Chorcaí, ar an bpríomhbhóthar N22 i ngar do Chontae Chiarraí. Cuid de Gaeltacht Mhúscraí is ea Baile Mhic Íre.
Tá an Garden View Hostel agus Norville House suite ann. Is tábhairní sa bhaile iad Tigh Uí Chonaill agus Tigh Uí Scanaill. Is féidir tobar beannaithe agus dumha adhlactha Naoimh Gobnatan a fheiceáil idir Baile Mhic Íre agus Baile Bhuirne.
| 204
|
Hutchinson (Kansas). Is í Hutchinson príomhbhaile Contae Reno, Kansas, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus é ar an gcathair is mó ann freisin. Tá an chathair suite 63 chiliméadar (39 míle) thiar thuaidh ó Wichita cois Arkansas. An leasainm a thugtar ar Hutchinson ná "The Salt City" (Cathair an tSalainn).
| 105
|
Cléire. Oileán is ea Cléire nó Oileán Chléire i ngar do Chontae Chorcaí in Éirinn. Tá breis is 100 duine ina gcónaí ar an oileán. Gaeltacht oifigiúil is ea é.
Is é Oileán Chléire, atá 3 mhíle ar fhaid agus míle ar leithead, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn a bhfuil cónaí ann. Tá sé 8 míle amach ó chósta Iarthar Chorcaí. Tá Carraig Aonair léi féin 3 mhíle siar ón oileán. Síneann Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas ar an mórthír, siar ó thuaidh. Chothaigh AerachAiteachGaelach nasc le pobal an oileáin nuair a d'eagraigh Ruairí Ó Donnabháin agus a chomhghleacaithe Bród Chléire 2023, an chéad fhéile LADTAIÉ+ ar an oileán.
Gaeilge Chléire.
Is féidir staidéar a dhéanamh ar chanúint an oileáin sa leabhar "Seanchas Chléire" le Conchúr Ó Síocháin agus sa leabhar "Céad Fáilte go Cléire". Ceann de na shean-dírbheathaisnéisí Gaeltachta é an chéad cheann acu, agus cnuasach béaloidis ón oileán an dara ceann acu.
Daonáireamh 2011.
De réir daonáireamh Poblacht na hÉireann 2011 tá cónaí ar 124 (fir, 63; mná, 61) duine ar oileán Chléire. Dúirt 88 duine (74.6% den daonra trí mbliana d'aois nó níos aosta) go raibh an Ghaelainn acu. Dúirt 40 duine (33.6%) go n-úsáidfidís an Ghaelainn go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.
| 544
|
Portland, Oregon. Is cathair í Portland atá suite in iarthuaisceart na Stát Aontaithe in aice le comhchumair na naibhneacha Willamette agus Columbia. Is é Portland suíomh Chontae Multnomah, Oregon.
Tá an fairsinge máguaird na cathrach seo suntasach mar gheall ar phleanáil láidir na húsáide talún chomh maith leis an infheistíocht an iarnróid éadrom. Aithnítear de bharr an tionscail mhicreaghrúdlainne é.
| 146
|
Grúinse. Is éard atá i gceist le grúinse nó ceol grúinse (nó uaireanta feictear an téarma Fuaim Seattle sna meáin) ná fosheánra rac-malartaigh a tháinig ar an bhfód i lár na 1980idí i stát Washington in iarthuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an réigiún mórthimpeall Seattle ach go háirithe. Meascann grúinse fuaimeanna ó phunc-rac, miotal trom agus rac neamhspleách le chéile, chun stíl nua a chruthú atá lán le giotáir troma agus a bhraitheann go mór ar an gcodarsnacht a chruthaítear le hathruithe tobann sa cheol. De ghnáth, bíonn frustrachas agus fuarchúis le cloisteáil sna liricí.
Thosaigh grúinse ag forbairt timpeall Sub Pop, lipéad ceoil neamhspleách ag deireadh na hochtóidí. Tháinig borradh mór i rath tráchtála an ghrúinse ag tús na 1990idí, le cabhair ó na ceirníní móra "Nevermind" le Nirvana agus "Ten" le Pearl Jam. An toradh a bhí ann ná fás mór i gcáil an rac-malartaigh, agus bhí grúinse ar an seánra den rac-cheol ba chlúití ag an am.
Ní raibh a lán de na bannaí ar a gcompord leis an borradh seo, áfach, agus dhiúltaigh cuid acu é go borb. Cé go raibh an chuid is mó de na bannaí seo imithe ag deireadh na mílaoise, maireann a dtionchar fós sa rac-cheol nua-aimseartha.
Bunús an fhocail.
Creidtear go dtagann an focal Béarla "grunge" ón aidiacht "grungy", béarlagair Meiriceánach a chiallaíonn "salach" nó "cáidheach". Glactar leis inniu gurb é Mark Arm (amhránaí le Green River agus níos déanaí Mudhoney) an chéad duine chun úsáid a bhaint as an focal chun cur síos a dhéanamh ar an saghas ceoil seo, agus é ag déanamh trácht ar cheol a bhanna mar "pure grunge" i litir a fhoilsíodh san iris Desperate Times. B'é Bruce Pavitt ó Sub Pop a chuir an téarma i mbéal an phobail go forleathan timpeall 1987-88, agus é ag díoladh ceoil Green River. Tar éis tamaill, thosaigh daoine ag tabhairt "grúinse" ar an seánra nua seo.
Tréithí.
Go minic, úsáidtear fuaim ghiotár atá salach le leibhéal ard saofa, agus aischothú ag teacht ó na haimplitheoirí. Athraítear fuaim an ghiotáir go tobann le troitheáin, cleas a ndéantar chun codarsnacht a cruthú. Cé go meascann grúinse punc-rac crua agus miotal trom le chéile, is minic a chuireann bannaí éagsúla an bhéim ar cheann amháin acu. Bíonn fuaim lom agus borb, mar atá sa phunc-rac, ach ar an taobh eile bíonn luas mall, armóiní díshondacha agus ionstraimíocht casta mar atá sa mhiotal trom.
| 926
|
Eoin Liostún. Peileadóir Éireannach a bhain cáil amach le foireann sinsir Chiarraí idir na 1970idí agus na 1990idí is ea Eoin Liostún, nó Eoin Liston as Béarla, a rugadh ar an 16 Deireadh Fómhair 1957 i mBaile an Bhuinneánaigh, Contae Chiarraí. "The Bomber" (an Buamadóir) a thugtaí ar fhear na féasóige sin.
Cuimhnítear é mar dhuine de laochra peile na Ríochta, imreoir cáiliúil a bhain amach gach duais atá le fáil sa spórt. Peileadóir an-ard a bhí ann, ach bhí scil aige chomh maith agus níor bhraith sé ar an mbuntáiste seo ar fad.
| 222
|
Karl XII. Rí na Sualainne ab ea Karl XII ó 1697 go 1718. Tháinig sé i gcoróin nuair nach raibh sé ach cúig mbliana déag d'aois. Bhuaigh sé ar Pheadar Mór na Rúise ag Cath Narva sa bhliain 1700, ach chaill sé Cath Poltava sa bhliain 1709. Ina dhiaidh sin, tháinig deireadh le hImpireacht na Sualainne.
| 124
|
Cath Tampere. I gCogadh Cathartha na Fionlainne, mhair Cath Tampere ón 16 Márta go dtí an 6 Aibreán 1918. De thoradh an chatha, shealbhaigh na Gardaí Bána an áit ba mhó tionsclaíochta sa tír ó na Gardaí Dearga. Ullmhúcháin don chath faoi Tampere ab ea an briseadh tríd an bhfronta a rinne na Bána i Länkipohja i gceantar Längelmäki taobh thoir thuaidh den chathair, chomh maith leis na cathanna lastuaidh agus taobh thiar thuaidh de Tampere ar feadh na líne a rith trí Vilppula, Kuru, Kyröskoski agus Suodenniemi. Nuair a bhuaigh na Bána na cathanna i Lempäälä ar an 24 Márta agus i Siuro ar an 26 Márta, bhí Tampere imdhruidte ag na Bána.
Bhí cath Tampere ar an gcath ba mhó a cuireadh i gCríoch Lochlann riamh, agus 16,000 saighdiúir páirteach ann ar an taobh Bán, 14,000 ar an taobh Dearg. Faoin am seo, bhí na Dearga ag éirí cleachta ar an gcogadh, agus iad dáigh dána dásachtach ag cosaint na cathrach. Níor thaise do na Bána ach an oiread, nó chuir siad rogha a dtrúpaí sa chath. Ar Dhéardaoin Mandála na Fola, an 28 Márta, bhí na Dearga ábalta fanacht ar foscadh agus aimsiú ceart a fháil, agus d'éirigh leo an-éirleach a dhéanamh ar na Bána. Maraíodh leathchéad fear de na hóglaigh a fuair oiliúint sa Ghearmáin, agus chaill aonaid áirithe san Arm Bán níos mó ná fear as gach beirt.
An t-ionsaí a shocraigh an scéal sa deireadh, cuireadh tús leis le lámhach láidir airtléire a bhí dírithe ar lár na cathrach, ar an 3 Aibreán 1918. Bhí trúpaí an dá thaobh ag cur troda faoi gach teach, mar is dual do chathanna cathrach. San am seo, freisin, ní raibh mórán eachtrannach páirteach sa chathair, nó bhí an chuid ba mhó de na Rúisigh glanta as an tír, agus ní raibh teacht na nGearmánach ach ar na bacáin.
Maraíodh 700-900 duine de na Gardaí Bána. Chaill na Gardaí Dearga 1,000-1,500 duine, ina measc Hugo Salmela, duine de na hoifigigh ab fhearr dá raibh acu. Cimíodh 11,000-12,000 Garda Dearg. Fuair 71 sibhialtach bás, an chuid ba mhó acu faoi chith na n-urchar as na gunnaí móra airtléire. Chuaigh cuid mhór de na sibhialtaigh ar lorg foscaidh sna teampaill, ar nós Ard-Eaglais Tampere agus in Eaglais Alastair ("Aleksanterinkirkko"). Chuaigh ceantair áirithe den chathair, go háirithe Tammela agus Kyttälä, de dhroim an tsaoil go hiomlán.
I ndiaidh chath Tampere, thréig na Dearga iarthar na tíre. Bhí cathanna móra á gcur in oirthear na Fionlainne i gcónaí, go háirithe timpeall Viipuri. Ghabh na Bána an chathair sin ar an 29 Aibreán. Bhí 18,500 saighdiúir Bán agus 7,000 duine de na Gardaí Dearga páirteach sa chath seo. Fuair leathchéad fear de na Bána bás sa chath seo, agus dealraíonn sé gur bhásaigh deichniúr nó dáréag ar an taobh Dearg in aghaidh gach Garda Bán acu siúd. Cimíodh na mílte Dearga freisin, agus tháinig na Bána i seilbh an-chreiche: trí chéad gunna mór airtléire, dhá chéad inneallghunna, traein armúrtha, agus cuid mhór bia agus lón cogaidh.
| 1,159
|
Stair na Sicile. Is é is brí le stair na Sicile ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Sicile fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire. Cuid de phoblacht na hIodáile is ea an tSicil ach tá stair agus cultúr dá cuid féin aici.
Fuair an tSicil a hainm ó cheann de na treibheacha bundúchasacha - treibh na "Siculi" - a bhí ina gcónaí ansin roimh theacht na bhforghabhálaithe coimhthíocha, ar nós mhuintir na Cartaige agus na Gréige. Bhí teanga Iodálda - gaolmhar leis an Laidin - ag na Siculi agus ag na treibheacha réamhstairiúla eile, ach d'éirigh leis na Gréagaigh a dteanga agus a gcultúr féin a chur i bhfeidhm go láidir ón ochtú haois roimh bhreith Chríost anuas. Sa tseanársaíocht Chlasaiceach, ba nós leis na daoine sa Róimh glacadh leis an tSicil mar chuid de dhomhan na Gréigise, "Magna Graecia". Bhí cultúr na Gréige á shaothrú go bláfar san oileán. Sicileach ab ea athair na hinnealtóireachta féin, Airciméidéas.
Na Cogaí Púnacha.
B'í an tSicil ba chúis leis an chéad chogadh idir an Róimh agus an Chartaig - an chéad chogadh Púnach. Bhí coilíneachtaí dá gcuid féin ag na Cartaigigh san oileán, agus na Rómhánaigh ag éirí buartha faoin mbagairt mhíleata a bhí iontu. B'iad na coilínithe ón gCartaig a bhunaigh cathair Palermo, mar shampla. Sa tríú haois roimh bhreith Chríost, d'éirigh ina chogadh idir an dá mhórchumhacht, agus shealbhaigh na Rómhánaigh an t-oileán iomlán sa bhliain 242 r. Chr.
Sa dara cogadh Púnach, bhí ag éirí leis na Cartaigigh ar dtús. Fuair comhghuaillithe áitiúla na Cartaige sa tSicil misneach as seo agus chuaigh siad chun ceannairce ar na Rómhánaigh. Chloígh an Róimh an t-éirí amach seo le lámh láidir, áfach, agus ruaigeadh na Púnaigh as an oileán scun scan. Sa bhliain 210 r. Chr., dúirt Consal na Róimhe san oileán, Marcus Valerianus, le Seanad na Róimhe nach raibh oiread is aon Phúnach fanta sa tSicil.
Cúlriasca na Róimhe.
Nuair a bhí an tSicil ina cúige Gréagach, bhí sí an-tábhachtach mar chuid de shibhialtacht na Gréigise. I ndiaidh an ghabháltais Rómhánaigh, áfach, fágadh ina cúige cúil í. Níor tharraing ach scannal Verres sa bhliain 70 r. Chr. súil na Rómhánach ar an oileán. Ón taobh eile de, mhair an teanga Ghréigise ansin i bhfad i ndiaidh an ghabháltais, ó nár bhac na Rómhánaigh leis an Laidin a thabhairt isteach ansin.
Vandail agus Biosántaigh.
Nuair a thosaigh Imirce Mhór na Náisiún ag stróiceadh Impireacht na Róimhe as a chéile, d'ionsaigh na treibheacha Teotanacha an tSicil freisin. B'é Geiseric, Rí na Vandal, ba thúisce acu a tháinig i seilbh an oileáin, thiar sa bhliain 440. Ina dhiaidh sin, áfach, d'fhorghabh na hOstragotaigh é. Sa bhliain 535, bhris an ginearál Biosántach, Belisarius, an cath ar na hOstragotaigh, agus siúd is gur ionsaigh rí nua na nOstragotach, Totila, an t-oileán cúig bliana déag ina dhiaidh sin, níor éirigh leis gabháltas na mBiosántach ar an tSicil a chur ar ceal. Nó rug Narses, ginearál Biosántach eile, bua ar Totila dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ó sin i leith, mhair na Biosántaigh i seilbh na Sicile go dtí gur thosaigh na hArabaigh ag cúngú orthu sa naoú haois i ndiaidh bhreith Chríost.
Arabaigh agus Normannaigh.
Thóg sé níos mó ná céad bliain ar na hArabaigh (827-965) an tSicil iomlán a fhorghabháil, agus ina dhiaidh sin féin, níor fhan an t-oileán acu ach céad bliain. Ansin, ghlac na Normannaigh suim sa tSicil, san am céanna a raibh siad ag déanamh a ngabháltais ar go leor oileán Eorpach eile - an Bhreatain Mhór san áireamh. Bhí siad sásta, áfach, cead a gcultúir a fhágáil ag na hArabaigh áitiúla, i dtús báire ar a laghad, agus chuaigh an tArabachas go mór i bhfeidhm ar an tSicil. Maireann cuid mhór iasachtaí Araibise i gcanúint an oileáin inniu féin - an focal mícháiliúil sin "mafia" ina measc.
Feascar na Sicile.
Sa bhliain 1194, thit an t-oileán le rítheaghlach Gearmánach Hohenstaufen, agus b'iad muintir Hohenstaufen a rinne príomhchathair de Phalermo. Sa chéad aois eile, áfach, d'éirigh ina achrann idir an Pápa agus rítheaghlach Hohenstaufen, agus bhain an Pápa a bheannacht den rítheaghlach. Le caoinchead an Phápa, ghabh Séarlas a hAon, Diúc Anjou, an tSicil ó na Hohenstaufen sa bhliain 1266.
Ní raibh na Siciligh sásta leis na Francaigh mar lucht ceannais, áfach. Bhí siad den bharúil gur ansmacht agus anlathas ab ea rialtas an Diúic. Mar sin, d'éirigh siad amach in aghaidh na bhFrancach. Thosaigh an cheannairc i bPalermo ar an 30ú lá den Mhárta, 1282, le linn an fheascair ar Luan na Cásca. D'éirigh ina achrann idir na Francaigh agus muintir na háite, agus i ndeireadh báire, chuaigh eirleach agus sluamharú ar na Francaigh ar fud na Sicile. Ós rud é gur mar sin a cuireadh an lasair sa bharrach, is gnách "Feascar na Sicile" a thabhairt ar an éirí amach go léir.
Tháinig Peadar a Trí, Rí na hAragóine, chun tarrthála do na ceannairceoirí ansin, agus shealbhaigh sé an t-oileán dá ríocht féin. Ba mar sin a thit an tSicil leis an Aragóin, agus nuair a chuaigh an tír sin sa Spáinn i ndeireadh na cúigiú haoise déag, rinneadh cúige Spáinneach den oileán freisin.
Ríocht an Dá Shicil.
San ochtú haois déag, thit an tSicil le Diúc Savoy ar dtús, agus ansin le rítheaghlach Hapsburg, is é sin, ríthe agus impirí na hOstaire. Ansin, áfach, rinne réabhlóid na Fraince agus cogaí Napoleon spior spear de mhapa na hEorpa. Nuair a tháinig maithe agus móruaisle na hilchríche le chéile i gComhdháil Vín sa bhliain 1815, rinne siad an-athroinnt ar na tailte, an tSicil ina measc. Is mar sin a bunaíodh Ríocht an Dá Shicil, sa bhliain 1816.
B'iad rítheaghlach Bourbon a bhí ag rialú na ríochta seo, agus b'í Napoli an phríomhchathair. Amach ón tSicil féin, bhain an leath dheisceartach de leithinis na nAipíníní leis an Dá Shicil. Ríocht choimeádach, fhrithghníomhach a bhí ann, agus an rí á rialú ina anlaith. Bhí na seirbhísí rúnda ag coinneáil diansúile ar na daoine, agus an tír lofa le lucht glactha breibe. Sna blianta 1820 agus 1848, d'éirigh an mhuintir amach i gcoinne an rí le tuilleadh saoirse a éileamh air, agus b'éigean don rí bunreacht liobrálach a thabhairt isteach ar feadh tamaill. Ansin, áfach, tháinig a chuid comhghuaillithe san Ostair chun tarrthála air, agus cuireadh an bunreacht ar ceal arís.
Tríd is tríd, is féidir a rá nach ndeachaigh blianta an Dá Shicil chun leasa an oileáin. Sa naoú haois déag a tháinig an drongchoirpeoireacht eagraithe - Mafia - chun tosaigh ar fud na Sicile. Ón taobh eile de, níor bhac muintir Bourbon le heacnamaíocht na tíre ar aon nós. Tá a shliocht sin le haithint ar Dheisceart na hIodáile go léir i gcónaí, mar dhífhostaíocht, mar thearcfhorbairt eacnamaíochta agus tionsclaíochta, agus mar choirpeoireacht.
An tSicil agus an Risorgimento.
Ar an chéad lá déag den Bhealtaine 1860, chuaigh Giuseppe Garibaldi, laoch an Risorgimento - is é sin, aontú na hIodáile - i dtír ag Marsala in éineacht le lucht a leanúna agus d'fhadaigh sé tine na ceannairce sa tSicil. Na hóglaigh a tháinig go dtí an tSicil - "i Mille", nó an Mhíle Fear, mar a thugtaí orthu - fuair siad cuidiú ó mhuintir an oileáin, agus roimh i bhfad, bhí Garibaldi i gceannas ar na sluaite móra d'fhir armtha. I ndiaidh cath a ghnóthú ag Calatafimi ar an tríú lá déag den Bhealtaine, thug Garibaldi aghaidh ar Phalermo. I ndiaidh an phríomhchathair a shealbhú, níor thóg sé mórán ama air fórsaí armtha rí Napoli a ghlanadh as an oileán. B'é an gabháltas ar an tSicil an chéad bhua mór a d'éirigh le Garibaldi, agus é ag cur catha ar mhionríthe na hIodáile leis an tír a aontú.
Deamhan athrú - ach amháin chun donais?
Níor chuir an Risorgimento an t-oileán i dtreo bisigh, áfach. Bhí Mafia ag dul chun cinn, agus an bochtanas ag goilliúint ar mhuintir an oileáin mar a bhí riamh. Bhí radacachas sóisialta á fhódú sa tSicil freisin, i bhfianaise éadóchas na ndaoine. Sa bhliain 1894, d'éirigh bolscaireacht na heagraíochta radacaí úd "Fasci dei lavoratori" i measc an lucht oibre chomh bagrach i súile an lucht rialtais is gur chuir siad an dlí míleata i bhfeidhm ar an tSicil.
Is beag athrú a tháinig ar na cúrsaí roimh dheachtóireacht Bhenito Mussolini. Deachtóir faisisteach a bhí ann gan amhras, ach is dealraitheach go raibh sé ionraic ag iarraidh Mafia a chloí sa tSicil. An fear a chuir sé i gceannas ar phóilíní na Sicile, duine idéalach a bhí ann, agus é ag cur catha ar Mhafia go tréan. Mar sin, d'éirigh leis maolú éigin a dhéanamh ar mhursantacht na gcoirpeoirí. Ar an drochuair, bhí an locht céanna ar an bhfeachtas seo agus a bhí ar Mhafia féin - is é sin, an mhídhlíthiúlacht. B'iomaí duine gan cham gan chiontacht a bhí thíos leis an gcogadh a bhí Mussolini a chur ar Mhafia, agus mar sin, ní raibh na torthaí buan.
Nuair a d'ionsaigh fórsaí na Stát Aontaithe agus na Breataine Móire an tSicil ar an deichiú lá de Mhí Iúil 1943, bhí na coirpeoirí sásta comhoibriú leis na hionsaitheoirí, agus mar sin, bhain Mafia amach an-tionchar ar chúrsaí na Sicile arís.
I ndiaidh an chogaidh, bronnadh rialtas cuimsitheach áitiúil ar an tSicil mar réigiún ar leith. Ar an drochuair, áfach, níor bhain an rialtas dúchais d'fhadhb na coirpeoireachta san oileán. Is iomaí sin duine cróga a chuir cath ar Mhafia sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus fanann a n-ainmneacha i mbéal an phobail i gcónaí - cosúil leis an nGinearál Carlo Alberto Dalla Chiesa agus leis na breithiúna Paolo Borsellino agus Giovanni Falcone. Tá an triúr acu ag iompar na bhfód leis na blianta anuas, áfach, ó mharaigh Mafia le buamaí ama iad.
| 3,847
|
An tSicilis. Teanga Rómánsach í an tSicilis a labhraítear sa tSicil. Tá an chanúint sin le cloisteáil ar fud na Sicile agus na n-oileán beag ina timpeall. Thairis sin, labhraítear canúintí gaolmhara i gcodanna de réigiúin Puglia agus Calabria ar an mórthír. Ar ndóigh, is féidir teacht trasna ar imirceánaigh ón tSicil i dtíortha móra an Bhéarla, na Stáit Aontaithe ach go háirithe, a bhfuil an teanga go líofa acu i gcónaí.
Fuair an tSicilis cuid mhaith focal ar iasacht ón nGréigis, ón Araibis, ón tSean-Fhraincis. Is deacair a rá, áfach, cathain a thosaigh sí á forbairt. Níl na teangeolaithe cinnte, ar mhair aon leagan den Laidin thruaillithe á labhairt nuair a bhí na hArabaigh i seilbh an oileáin, nó ar cuireadh an chéad síol leis an tSicilis i ndiaidh bhlianta an Arabachais. Tá sé sábháilte a rá nach bhfuil an tSicilis leath chomh sean leis an tSairdínis, ach mar sin féin, maireann cúpla focal sa teanga a bhfuil an-seanchuma orthu. Más fíor nár tháinig an Laidin thruaillithe, as ar fáisceadh an tSicilis, - más fíor nár tháinig sí go dtí an tSicil ach i ndiaidh imeacht na nArabach, b'as Cúige Campania ba mhó a tháinig sí, agus blas na gcríoch sin uirthi.
Ní úsáidtear mórán Sicilise i litríocht inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil filíochta ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.
Bhí an-tionchar ag an tSicilis ar an Máltais. Araibis ab ea an Mháltais ar dtús, ach ghlac sí leis na mílte iasachtaí ón tSicilis, i gcruth is nach bhfuil ann inniu ach focail Sicilise agus iad fáiscthe isteach i bhfráma na gramadaí Araibise. Fiú na focail a fuair an Mháltais ón Iodáilis chaighdeánaithe, is dual don Mháltach iad a fhuaimniú mar a d'fhuaimneodh an Sicileach iad, agus a chuma sin ar an litriú Máltaise. Mar shampla, "teatru" is ea an focal Máltaise ar an "amharclann", agus ní "teatro".
Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é Mafia an chosaint is fearr atá ag an teanga, íorónta go leor. Nó is léir go bhfuil sé ag teacht isteach úsáideach ag na coirpeoirí teanga rúnda a bheith acu nach bhfuil intuigthe ag na péas.
Sna meáin.
Tá roinnt mhaith den chaint i gcuid a dó den tríológ The Godfather i Sicilianu. Chaith Robert De Niro agus roinnt de na haisteoirí eile roinnt míonna sa tSicil ag foghlaim na canúna sular cuireadh tús leis an scannánú.
| 1,070
|
An tSairdínis. Labhraítear Sairdínis sa tSairdín. Is í an Iodáilis teanga oifigiúil na Sairdíne cosúil leis an gcuid eile den Iodáil, ach úsáideann muintir dhúchasach an oileáin canúintí atá níos gaire don tseanLaidin féin ná don Iodáilis. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil a leithéid de theanga ann agus an tSairdínis, nó "Sardu".
Tá an teanga roinnte ina dhá príomhchanúint, mar atá, an Logudóiris agus an Champadáinis, agus iad chomh difriúil le chéile is go bhfuil sé beagnach dodhéanta aon teanga liteartha amháin a chaighdeánú don bheirt acu. Leis an scéal a dhéanamh níos casta fós, labhraítear dhá chanúint eile sa tSairdín nach ndearcann lucht a labhartha orthu mar Shairdínis, is é sin, an tSasáiris agus an Ghalúiris. Le fírinne, is fearr a rá gur canúintí Corsaicise iad seo, más fíor nach canúintí Iodáilise iad. Thairis sin, is í an Chatalóinis teanga Chathair Alghero.
| 364
|
Stair na Sairdíne. Is é is brí le stair na Sairdíne ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Sairdíne fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire.
Cuid de phoblacht na hIodáile is ea an tSairdín ach tá stair agus cultúr dá cuid féin aici.
Seo iad réanna stair an oileáin:
Ré na "nuraghe".
Téann stair an oileáin siar go dtí an ré Neoiliteach. Tá iarsmaí ó chultúr ar leith a
bhfuil lorg de le fáil sa tSairdín amháin, cultúr na "nuraghe". Tá sé sin le feiceáil
inniu i bhfoirm na dtúr cloiche arda atá ar fáil ar fud an oileáin. Níl mórán eolais cruinn
againn faoi chultúr na nuraghe mar níor fhág siad aon taifead scríofa ina ndiaidh agus tá
teoiricí difriúla ag na seandálaithe faoi na daoine a mhair ann. Ba 'thír an óir' í le linn
4000 bliain an ré Neoilitigh an tSairdín. Ba chrosbhóthar i lár na Meánmhara í an t-oileán
go dtí ré na Rómhánach. Thagadh na chéad gaibhne go dtí an t-oileán agus iad ar a mbealach go
dtí na mianaigh stáin Francacha. Tháinig na chéad Féinicigh go dtí an tSairdín timpeall na
bliana 1000 R.Ch. Ba mháistrí loingseoireachta iad, ó chathracha sa Liobáin an lae
inniu. Labhair siad Féinicis, teanga Seimiteach ar nós na hEabhraise, agus
chruthaigh siad an chéad aibítir. Thóg siad ionaid ar na cóstaí agus chuaigh siad i mbun
trádála leis na treibheanna áitiúla sna nuraghi.
Ghlac cathair Chartaige seilbh ar an Sairdín i 509 R.Ch. agus lean a smacht
ar an oileán ar feadh beagnach trí chéad bliain go teacht na Rómhánach.
Ré na Rómhánach.
Ghlac na Rómhánaigh seilbh ar an Sairdín i 238 R.Ch. agus bhí siad i gceannas ann ar
feadh 700 bliain. Níor chuir siad an t-oileán go léir faoi chois riamh áfach agus d'fhan
áiteanna sléibhtiúla ar nós an Gennargentu sna Barbagie saor ó thionchar na Róimhe.
Stair mheánaoiseach.
Ar a slí ar ais ó ruathar ar Lazio ar leithinis na hIodáile i 456 AD ghlac na Vandail seilbh
ar Caralis (Cagliari an lae inniu) agus cathracha eile ar chóstaí na Sairdíne. Faoin am
sin bhí Impireacht na Róimhe ar an dé deiridh. Beagnach céad bliain ina dhiaidh sin, i
534, bhuaigh trúpaí Impire an Oirthir, Giustiniano, ar na Vandail i Tricamari, 30 km ó
Chartaig i dtuaisceart na hAfraice, agus rinneadh cúige Biosántach den tSairdín. Roinneadh
an t-oileán i gcúigí darb ainm "merèie", le ceannaire faoin ainm "judex" a bhí i
Caralis, le arm a bhí lonnaithe i Forum Traiani (Fordongianus an lae innu, suite in oirthear
an oileáin) faoi cheannas "dux". Chuaigh an Chríostaíocht agus tionchar an mhanachúlachais
i bhfeidhm faoi na Biosántaigh, seachas sna Barbagie, áit ina raibh ríocht neamhspleách ag
deireadh an séú haois lena traidisiúin reiligiúnacha agus tuata féin.
Idir 640 agus 732 ghlac na hÁrabaigh seilbh ar thuaisceart na hAfraice, an Spáinn agus ar chuid den bhFrainc. I 827 thosaigh siad ag ionsaí na Sicile. Fágadh an tSairdín ina h-aonar agus bhí uirthi í féin a chosaint. Mar sin, d'éirigh an "judex provinciae" ina cheannaire aonair le cumhachtaí míleata agus tuata. Mar
gheall ar na ruathair leanúnacha ó na Beirbeirigh Ioslamacha ar an cóstaí, a thosaigh i 710 agus a d'éirigh ní ba mhinicí le himeacht aimsire, thréig an pobal na bailte cois
mara.
Faoi Choróin na hAragóine.
Ghlac arm Pheadar III na Catalóine (Pere el Cerimoniós as
Catalóinis) seilbh ar L'Alguer i Lúnasa 1353. D'éirigh muintir na cathrach amach i
gcoinne na gCatalónach ar an 22 Meitheamh 1354 is chuir arm Pheadair léig ar an
gcathair. Ar deireadh na dála shínigh Peadar conradh le Maria d'Arborea, a bhí ag tabhairt
cúnamh do chosantóirí na cathrach, agus ghlac Peadar seilbh ar an gcathair arís. Thosaigh
stair Chatalónach na cathrach ansin agus tá canúint na Catalóinise,
"alguerés" nó "algherese" as Iodáilis, á labhairt fós sa chathair. Ghlan Peadar muintir
na cathrach amach is thóg sé lonnaitheoirí Catalónacha isteach ina n-áit.
Cruthaíodh Coróin na Spáinne i 1479, 10 mbliain i ndiaidh phósadh Ferdinando II na
hAragóine agus Isabel Castilla, na "ríthe Caitliceacha". Mar thoradh ar sin, rinneadh
cúíge Spáinneach den oileán freisin agus mar sin ba chuid de choróin na Spáinne í an
tSairdín ó 1323 - 1720. Tá rian an ré seo le fáil i gcultúr an oileáin fós i
bhféilte ar nós paráid san Efisio i Cagliari agus an "cavalcata" i Sassari.
Ríocht na Sairdíne.
Ghlac na hOstairigh seilbh ar an oileán i 1708, mar thoradh ar Chogadh Chomharbas na Spáinne. Tar éis Chonradh Utrecht i 1714, a chuir deireadh leis an streachailt Eorpach sin, tugadh an
tSairdín do dhiúic Savoia nó "Savoy" as Fraincis, a bhí i gceannas ar réigiún Piemonte agus chruthaigh siadsan rítheaghlach dá gcuid féin i Ríocht na Sairdíne. As sin amach tháinig tionchar na hIodáile i bhfeidhm ar an gcultúr áitiúil. I 1799 d'fhág an rítheaghlach príomhchathair na ríochta, Torino, mar gheall ar na cogaí Napoléon agus chuir siad fúthu i Cagliari ar feadh cúig bliana déag.
Aontú na hIodáile.
I 1847 d'éirigh na Sairdigh as a gcuid féinrialtais as a stuaim féin agus tháinig siad
faoi rialtas díreach ó Piemonte. An bhliain ina dhiaidh sin chuir an rí, Vittorio
Emmanuele, tús le cogaí aontaithe na hIodáile, a lean ar aghaidh ar feadh trí bliana déag
agus le deireadh an fheachtais sin i 1861, ba chuid den Iodáíl aontaithe í an tSairdín.
Stair chomhaimseartha.
I ndiaidh chliseadh deachtóireacht Mhussolini sa Dara Cogadh Domhanda,
agus ruaigeadh an rítheaghlach Savoia tar éis reifreann i 1946, tugadh féinrialtas don
tSairdín i 1949 mar réigiún de chuid Phoblacht na hIodáile faoi bhunreacht nua na tíre. Ba
chuid de "mezzogiorno" na hIodáile í an tSairdín, í bocht agus neamhfhobartha i gcomparáid
le réigiúin tuaisceart na tíre. Rinne an rialtas náisiúnta iarrachtaí tionscail throm a
fhorbairt ar nós an tionscail cheimicigh timpeall ar Porto Torres ar an gcósta thuaidh, chun
dul i ngleic leis an dífhostaíocht. Tháinig forbairt ollmhór ar chóstaí Ghallura, ar a dtugtar an "Costa Smeralda", san oirthuaisceart, nuair a cheannaigh an Aga Khan tailte ann tar éis dó an "Consorzio Costa Smeralda" a bhunadh i 1962. Tá tithe samhraidh ag daoine mór le rá ar nós Silvio Berlusconi ann agus bíonn an fharraige plódaithe le báid mhóra le linn an tseasúir saoire. Ó thaobh an rialtais áitiúla de, cuireadh 4 chúige nua - Ogliastra,
Medio Campidano, Olbia-Tempio agus Carbonia-Iglesias - leis an 4 cinn a bhíodh ann roimhe
sin - Cagliari, Sassari, Nuoro agus Oristano - i mBealtaine 2005.
| 2,605
|
Pachacuti. Ba rí Inceach é Pachacuti, nó "An Talamhchroitheadóir". Níor thosaigh Impireacht na nInceach ag leathadh ach le linn Pachacuti. Bhí sé ar an naoú Sapa Inca a rialaigh ríocht Cuzco, agus tháinig sé i dtreis sa bhliain 1438.
Saighdiúir den chéad scoth a bhí ann, de réir scéalaíocht na nInceach, agus tháinig a éirim chun solais ina fhear óg dó. Deirtear go raibh na "Chankas" ag ionsaí Cuzco, agus idir athair agus dheartháir Pachacuti ag teitheadh lena n-anam. (Ba iad na "Chankas" an treibh is mó a bhí ag déanamh scime do na hIncigh ag an am, agus cónaí orthu i réigiún Apurimac.) Ba é Pachacuti a spreag arm na nInceach chun a ndúiche féin a chosaint, agus faoi dheireadh fuair siad an ceann is fearr ar an namhaid. Chuaigh Pachacuti i dtáin na laochra, agus deireadh na scéalaithe ina dhiaidh sin gur éirigh na clocha féin amach le troid a chur ar na "Chankas".
Le cuidiú a mhic, Tupac Yupanqui, d'éirigh le Pachacuti impireacht a dhéanamh den chathairstát. Sa bhliain 1471, nuair a fuair sé bás, bhí Peiriú agus an Bholaiv (de réir theorainneacha an lae inniu) sealbhaithe aige do na hIncigh, chomh maith le cuid den tSile, d'Eacuadór, agus de thuaisceart na hAirgintíne.
Bhí ciall aige do chúrsaí riaracháin freisin, nó ba eisean a dhealaigh an Impireacht ina ceithre chúige. Chuir sé gobharnóir nó "apo" os cionn gach cúige, agus miontaoisigh, "t'oqrikoq" os cionn na gceantar agus iad dílis don "apo". Mar sin féin, d'fhéach sé chuige nach mbeadh smacht ag an "apo" ar na sagairt áitiúla ná ar na saighdiúirí a bheadh ar garastún sa chúige. Nuair a tháinig na Spáinnigh chun na hImpireachta bhí timpeall 15 "t'oqrikoq" faoi gach "apo", ach is dócha nach raibh an oiread sin acu ann agus Pachakuti á gcur ar bun.
Creidtear freisin gurbh é Pachacuti a bhunaigh na "mitimaes", agus iad cosúil le plandálacha Gallda in Éirinn - coilínithe a chuirtí ina gcónaí i gceantair fhorghafa le go bhfoghlaimeodh muintir na háite teanga agus nósanna na nInceach.
D'ainneoin a raibh d'eolas ag Pachacuti ar chúrsaí riaracháin, ní dhearna sé rialacha a bheartú le comharbas an "Sapa Inca" a shocrú. Is mór a bhí an Impireacht thíos leis, nó mura mbeadh clann mhac an "Sapa Inca" umhal do cheann aitheanta, ba bhaolach go mbeadh sé ina chogadh eatarthu leis an scéal a réiteach.
Cailleadh Pachacuti sa bhliain 1471. Ba é a mhac, an ginearál éirimiúil Tupac Inca Yupanqui, a fuair céim "Sapa Inca" ina dhiaidh.
| 980
|
Concas na Spáinneach ar Impireacht na nInceach. Thosaigh concas na Spáinneach ar Impireacht na nInceach sna 1520í.
Teacht na Spáinneach.
Tháinig na Spáinnigh go Tawantinsuyu an chéad uair timpeall na bliana 1526. Ba léir dóibh ó thús gur tír shaibhir a bhí ann agus cuid mhór óir le creachadh ansin. I ndiaidh an chéad chuairt eile sa bhliain 1529, chuaigh Francisco Pizarro, a bhí i gceannas ar na taiscéalaithe seo, - chuaigh sé i bhfianaise Rí na Spáinne le tacaíocht oifigiúil a fháil don fheachtas mhíleata a bhí sé a phleanáil leis an réigiún a shealbhú don Spáinn.
Bhí an dearg-ádh le Pizarro gur fhill sé go Tawantinsuyu díreach nuair a bhí an cogadh cathartha á chur. Dá dtiocfadh sé nuair a bhí Huayna Capac ina bheo fós, gheobhadh sé impireacht na nInceach aontaithe ina éadan. Ní raibh ach 168 fear, aon ghunna mór amháin agus seacht gcapall fichead ag Pizarro, ach mar sin féin, bhí sé ábalta na hIncigh a chloí trí úsáid chliste a bhaint as an mbeagán seo, chomh maith leis an ionramháil a rinne sé ar na faicsin éagsúla i measc na nInceach.
Chuir Pizarro an chéad chath ar na hIncigh in Oileán Puná, in aice le Guayaquil an lae inniu in Eacuadór. B'ansin a bhunaigh sé cathair Piura i Mí Iúil sa bhliain 1532. Chuir sé Hernando de Soto ag déanamh taiscéalaíochta roimhe, agus tháinig de Soto ar ais le cuireadh ó Atahualpa. Bhí trúpaí Atahualpa díreach tar éis mílísteoirí Huascar a threascairt, ach mar sin féin, ní raibh an tír socraithe síos go fóill, agus bhí Atahualpa buartha go bhféadfadh Pizarro agus lucht a leanúna cuidiú le tacadóirí Huascar.
Gabháil Atahualpa.
Bhí Atahualpa ag fanacht leis na Spáinnigh i gCajamarca lena chuid saighdiúirí. Nuair a chonaic na Spáinnigh go raibh na díormaí millteanacha sin timpeall, shil siad go raibh Atahualpa tar éis iad a mhealladh isteach i ngaiste. Mar sin, chinn siad ar é a ghabháil mar ghiall, nó ní leomhfadh na hIncigh a dhath a dhéanamh orthu a fhad is a bheadh Atahualpa ina phríosúnach acu. Bhí bráthair darbh ainm Vicente Valverde ag tionlacan Pizarro leis an gcreideamh Críostaí a chraobhscaoileadh i measc na nInceach. Nuair a thaispeáin sé leabhar naofa don Inceach agus é ag iarraidh an Chríostaíocht a mhíniú dó, chaith Atahualpa an leabhar uaidh, rud a bhain stangadh as Valverde. D'áitigh Valverde ar na Spáinnigh Atahualpa a chimiú mar phionós as an íde a thug sé don leabhar. D'éirigh idir na Spáinnigh agus na hIncigh, agus mharaigh na Spáinnigh na huaisle Inceacha a bhí ag iarraidh iad féin a iompú ina sciatha daonna idir an namhaid agus Atahualpa.
Chimigh na Spáinnigh Atahualpa i ndiaidh an chatha seo, agus ansin, thosaigh siad ag éileamh luach mór fuascailte air. Gheall Atahualpa go mbeadh na hIncigh sásta an seomra ina raibh sé féin á choinneáil i mbraighdeanas a líonadh le hór agus a athlíonadh le hairgead geal le saoirse a bhaint amach dósan. Comhlíonadh an gealladh, ach níor scaoil na Spáinnigh saor é. A mhalairt ar fad, chinn siad ar é a mharú, cé go ndearna siad iarracht cuma an dlí is an chirt a chur ar an mbású. Chúisigh siad é faoi fheallmharú a dhearthára, Huascar, agus faoi choireanna eile. D'admhaigh Atahualpa gurbh é an plean a bhí aige, sula ndearna na Spáinnigh príosúnach de, ná iad a mharú - a íobairt do na déithe b'fhéidir - agus a úsáid féin a bhaint as na capaill ina chuid cogaíochta. Fear cliste a bhí ann agus ciall mhaith aige do chomh háisiúil a thiocfadh na capaill isteach aige féin.
Cuireadh Atahualpa chun báis i Mí Lúnasa 1533. Ina dhiaidh sin, chuir na Spáinnigh Manco Inca Yupanquí i gceannas ar an Impireacht mar impire soip. Ar dtús, bhí sé sásta comhoibriú leis na Spáinnigh, ach ansin, d'éirigh ina chogadh cathartha idir Pisarro agus duine de lucht a leanúna, Diego de Almagro. D'fhéach Manco Inca le buntáiste a ghlacadh ar an gcogadh cathartha seo le himpireacht na nInceach a shealbhú dó féin. D'éirigh le Manco Inca Cuzco a ghabháil sa bhliain 1536, ach ní raibh sé i ndán dó an phríomhchathair a choinneáil aige féin ach tamaillín. Chuir na Spáinnigh ruaigeadh air as an áit go gairid ina dhiaidh sin arís, agus chúlaigh seisean agus lucht a leanúna go Vilcabamba, an phríomhchathair nua a bhunaigh siad i sléibhte Antisuyu.
Vilcabamba.
Inniu, creidtear go raibh Vilcabamba suite in aice le hEspíritu Pampa 130 ciliméadar siar ó Cuzco. Ar feadh i bhfad, áfach, chreidtí gurbh é an daingean i Machu Picchu an phríomhchathair cheilte seo. Ba é Hiram Bingham, an taiscéalaí Meiriceánach, a scaoil an scéal seo timpeall. Eisean ba thúisce a tháinig trasna ar Machu Picchu agus ar na hiarsmaí in Espíritu Pampa araon, ach ba é an tuairim a bhí aige féin ná gurbh é Machu Picchu an áit ba thábhachtaí den bheirt. Chuir sé a thuiscint do na cúrsaí seo os comhair an tsaoil mhóir ina leabhar clasaiceach "Lost Cities of the Incas". An tuiscint atá againn inniu, áfach, tá sé bunaithe ar an leabhar suimiúil úd "The Conquest of the Incas" le John Hemming, a tháinig i gcló sa bhliain 1970.
Bhí na hIncigh ábalta a nImpireacht a choinneáil beo i Vilcabamba ar feadh breis is tríocha bliain eile. Idir an dá linn, bhídís ag ionsaí na Spáinneach agus ag saighdeadh faoi na daoine chun ceannairce. Sa bhliain 1572, áfach, chimigh na Spáinnigh Túpac Amaru, an "Sapa Inca" deireanach, agus cuireadh chun báis é go gairid ina dhiaidh sin.
| 2,106
|
Aman. Tír shamhailteach sa Mheán-Domhan is ea Aman.
In Aman a bhí cónaí ar na "Valar", is é sin, ar na "miondéithe" nó na hardaingil a bhí cosúil le déithe na miotaseolaíochtaí Gréagacha, Rómhánacha agus Gearmánacha. Ós rud é gur Caitliceach cráifeach ab ea Tolkien, ba leasc leis ollchruinne mhiotasúil a chruthú nach mbeadh aon Dia amháin os a cionn, agus mar sin, chuir sé Eru Ilúvatar ag rialú Arda. Ón taobh eile de, bhí dúil aige riamh sna miotaseolaíochtaí réamh-Chríostaí agus ina gcuid déithe freisin, agus chruthaigh sé na "Valar". B'as Aman ó dhúchas do na síóga, na h"Eldar", chomh maith.
| 252
|
Númenor. Oileán samhailteach sa Mheán-domhan is ea Númenor. Bhí an t-oileán úd "Númenór" suite san Fharraige Mhór - nó sna Farraigí Dealaitheacha, "The Sundering Seas" - idir Aman agus an Meán-Domhan. Bhronn na "Valar" ar na Daoine é, ó tháinig na Daoine chun fortachta do na hEilbh le linn Chogadh na Seod, cogadh a chuir na hEilbh ar Morgotħ, an "Vala" a d'iompaigh ina "dhiabhal". Mar sin, thug muintir Númenór "Yôzâyan", nó Tír an Bhronntanais, ar Númenór ina dteanga féin, an teanga "Adûnaic". Bhí teangacha na nEalbh, an teanga "Sindarin" agus an teanga "Quenya", á labhairt is á staidéar go forleathan i Númenór.
Bhí déanamh na réalta ar Oileán Númenór, agus é roinnte ina shé réigiún: an cúig leithinis (Andustar, Hyarnustar, Hyarrostar, Orrostar agus Forostar) agus an séú réigiún i lár an oileáin (Mittalmar). I lár Mittalmar a bhí sliabh Meneltarma, agus ar mhullach an tsléibhe, thagadh slua mór de mhuintir an oileáin le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, le h"Erukyermë" (teacht an Earraigh), "Erulaitalë" (lár an tsamhraidh) agus "Eruhantalë" (altú an fhómhair) a cheiliúradh agus buíochas is urraim a thabhairt d'Eru Ilúvatar. B'é Armenelos príomhchathair Númenór, agus bhí an cuan úd Rómenna in oirthear an oileáin suite taobh istigh de chríocha Mittalmar, idir an dá leithinis úd Orrostar agus Hyarrostar.
D'iompaigh muintir Númenór ina seoltóirí agus ina mairnéalaigh mhóra, go háirithe faoi cheannas Vëantur, a bhí ina cheannasaí ar chabhlach an rí (tá cur síos air seo le léamh sa scéal "Aldarion and Erendis", sa leabhar "Unfinished Tales"). Bhí sé de gheasa orthu, áfach, gan seoladh chomh fada siar leis an Ríocht Bheannaithe. I rith an ama, thosaigh an cosc seo ag cur isteach orthu, ó shíl siad go mbeadh neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí suthain ar fáil sna Tailte Neamhbhásmhara. Sa deireadh, d'éirigh siad as Eru Ilúvatar a urramú agus teangacha na nEalbh a labhairt. Ansin, ghléas an rí Ar-Pharazôn fórsa sluaíochta de longa leis an Ríocht Bheannaithe a ionsaí agus an neamhbhásmhaireacht a bhaint amach do na Daoine le lámh láidir. Nuair a chuaigh an fórsa sluaíochta i dtír thiar in Aman, áfach, tháinig feirg ar Eru Ilúvatar, agus bhain sé an Bronntanas de na Daoine: chuir sé Númenór i dtóin phoill leis an gcuid is mó de mhuintir an oileáin.
Ar dtús, diosca mín leibhéalta ab ea Imbar. Nuair a chuaigh muintir Númenór in anuabhar air, áfach, chuir Eru Ilúvatar athrú cuma ar an domhan: bhain sé an Ríocht Bheannaithe de dhromchla an Domhain, agus rinne sé liathróid de: anois, má chuaigh longa na ndaoine ar lorg Aman, níor tháinig siad sa deireadh ach ar an áit ar imigh siad.
| 1,077
|
Cath Poltava. Throid fórsaí na Rúise agus na Sualainne in aghaidh a chéile i gCath Poltava ar an 27 Meitheamh 1709 san Úcráin. Bhuaigh Peadar Mór na Rúise ar Karl XII sa chath seo. I ndiaidh an chatha, thit Impireacht na Sualainne as a chéile.
| 102
|
Sárimreoirí na Bliana 2007. Is liosta é seo de na himreoirí a fuair ainmniúcháin agus a roghnaíodh mar Shárimreoirí na Bliana don bhliain 2007.
Ainmniúcháin.
Fógraíodh na hainmniúcháin don bhliain 2007 ar an 27 Meán Fómhair, 2007.
Iománaíocht.
Cúl báirí: Damien Mac Éinrí (Loch Garman), Brian Mac Muirí (Luimneach), Dónal Óg Ó Cíosóg (Corcaigh)
Lán-tacaithe: Mícheál Caomhánach (Cill Chainnigh), Nollaig Ó hÍcí (Cill Chainnigh, Seán Tirial (Cill Chainnigh), Seámus Ó hÍcí (Luimneach), Stiofán Ó Luasaigh (Luimneach), Damien Roghaill (Luimneach), Déaglán Ó Fainín (Tiobraid Árann), Aodhán Ó Cearnaigh (Port Láirge), Ceiteach Rosaitear (Loch Garman)
Leath-tacaithe: Tomás Breathnach (Cill Chainnigh), Antóin de Brún (Port Láirge), Cainneach Mac Craith (Port Láirge), Marcas Ó Foghlú (Luimneach), Brian Ó Gadhra (Luimneach), Éamann Ó Corcáin (Tiobraid Árann), Conor Ó Mathúna (Tiobraid Árann), Seán Óg Ó hAilpín (Corcaigh), Seán Ó Laoi (Gaillimh)
Lár na páirce: Mícheál Breathnach (Port Láirge), Séamas Mac Giolla Phádraig (Cill Chainnigh), Derek Ó Loinn (Cill Chainnigh), Tomás Ó Cionnaith (Corcaigh), Gearóid Ó Conchúir (Corcaigh), Dónal Ó Grádaigh (Luimneach)
Leath-tosaithe: Oilibhéar Ó Moráin (Luimneach), Mícheál Mac Gearailt (Luimneach), Eoin Ó Lorcáin (Cill Chainnigh), Máirtín Mac Cumascaigh (Cill Chainnigh), Stiofáin Ó Maolanfaidh (Port Láirge), Dónal Ó Sheancháin (Port Láirge), Ailéin Ó Céirín (Gaillimh), Beircheart Ó Conchúir (Corcaigh), Séamas de Siún (Laois)
Lán-tosaithe: Aindriú Ó Seachnasaigh (Luimneach), Liam Ó Duibhir (Cill Chainnigh), Éamann Ó Braonáin (Cill Chainnigh), Anraí Ó Sibhleáin (Cill Chainnigh), Eoin Mac Craith (An Clár), Séamus de Priondragás (Port Láirge), Seán Ó Maoláin (Port Láirge), Niall Ó Rónáin (Corcaigh), Ciarán Ó Murchú (Corcaigh)
| 800
|
Gramadach na Fionlainnise. Tá gramadach na Fionlainnise bunaithe ar an táthú. Is é sin, is gnách iarmhíreanna éagsúla a úsáid in áit na bhfocal scoite.
Is féidir an prionsabal seo a ghléiniú le cúpla sampla:
Anailís ar an sampla:
Tá saibhreas ar leith ag baint leis an mbriathar, a bhfuil an dúrud foirmeacha infinideacha aige:
agus leis an ainmfhocal, agus an oiread tuiseal atá aige:
Cé go bhfuil sé deacair ag an bhfoghlaimeoir na míreanna seo uile a úsáid, is gá cuimhne a choinneáil air gur imir na teangacha Ind-Eorpacha, go háirithe na teangacha Gearmáinice ina timpeallacht an-tionchar ar úsáid na Fionlainnise, agus, ainneoin shaibhreas na bhfoirmeacha, níl sé dodhéanta cuid mhór de ghramadach na Fionlainnise a mhíniú i dtéarmaí na gramadaí traidisiúnta atá bunaithe ar ghramadach na Laidine.
| 320
|
Gebhard Leberecht von Blücher. Marascal machaire Prúiseach ab ea Gebhard Leberecht von Blücher (16 Nollaig 1742 – 12 Meán Fómhair 1819. Rugadh é i Rostock i dtuaisceart na Gearmáine. Bhí sé i gceannas ar airm na Prúise le linn Chogaí Napóilean. Fuair sé bás in Krieblowitz, in Schlesien.
| 109
|
Mikael Agricola. Easpag Fionlannach ab ea Mikael Agricola (t.1510 – 9 Aibreán 1557). Bhí baint láidir aige leis an an Reifirméisean Protastúnach sa tSualainn agus san Fhionlainn. Ba é Mícheál Agricola a chruthaigh an chéad cheartlitriú don Fhionlainnis, cé go raibh focail Fhionlainnise curtha ar pár roimhe sin i lámhscríbhinní Laidine san Fhionlainn, logainmneacha ach go háirithe.
Bhunaigh Agricola an litriú sin ar an tSualainnis, ar an nGearmáinis, agus ar an Laidin. Ina dhiaidh sin, áfach, is iomaí craiceann a chuir an Fhionlainnis scríofa di go fóill.
| 230
|
Hemminki Maskulainen. Cé gurbh é Iacób Finno a scríobh an chéad leabhar d'iomainn eaglasta as Fionlainnis, is mó a choinnítear cuimhne ar Hemmingius Henrici (1550–1619) (nó "Hemminki Hollo" - is minic a thugtar "Maskun Hemminki" nó "Hemminki Maskulainen" air freisin, is é sin, Hemminki ó Masku, ó b'as Masku in iardheisceart na Fionlainne dó) mar fhile eaglasta.
I dtús na seachtú haoise déag, d'fhoilsigh sé an bailiúchán d'iomainn "Yxi Wähä Suomenkielinen Wirsi-kirja" ("Leabhar beag amháin d'amhráin eaglasta Fionlainnise"). Cantar cuid mhaith de na hamhráin i dteampaill na Fionlainne inniu féin.
| 244
|
Ericus Erici Sorolainen. Easpag Fionlannach ab ea Ericus Erici Sorolainen (1546 - 1625). Bhí baint aige leis an bpolaitíocht agus le litríocht na Fionlainnise. Easpag ab ea é ó 1583 ar aghaidh. Sna 1620idí, chuir sé in eagar díolaim seanmóireachta. Scríobh sé caiticiosma Fionlainnise freisin. Maidir le Paavali Juusten, b'as Laidin ba mhó a bhí sé ag scríobh, ach scríobh seisean caiticiosma sa teanga dhúchais freisin.
| 170
|
Juhana Cajanus. Scríbhneoir Fionlannach ab ea Juhana Cajanus (27 Nollaig 1655 – 27 Meitheamh 1681). Scríobh sé an t-iomann mór faoi ghiorra an tsaoil "Yxi Hengellinen Weisu" ("Amhrán Spioradálta Amháin"), a aithnítear freisin mar "Katoovaisuudesta" ("Faoi Neamhbhuaine an tSaoil") nó ar na chéad fhocail, "Etkös ole ihmisparka aivan arka" ("Nach bhfuil tú scanraithe amach, a dhuine bhoicht"):
| 165
|
Mattias Salamnius. Ba scríbhneoir Fionlannach é Mattias Salamnius (1650-1691). Sa bhliain 1690, chríochnaigh sé a dhán fada eipiciúil faoi bheatha Íosa Críost, "Ilo-laulu Jesuxesta" ("An tAmhrán Suairc faoi Íosa"):
| 95
|
Henrik Gabriel Porthan. Ba é Henrik Gabriel Porthan an t-ainm ba thábhachtaí i saol cultúrtha na Fionlainne san ochtú haois déag.
Rugadh Porthan i Viitasaari i Lár na Fionlainne ar an 8, nó ar an 9, Samhain 1739, agus fuair sé bás i dTúrcú ar an 16 Márta 1804. Ba iad an ministir paróiste Sigfrid Porthan agus a bhean Kristina Juslenius a thuismitheoirí.
Nuair nach raibh Henrik Gabriel beag ach cúig bliana, buaileadh a athair breoite le galar intinne, agus cuireadh an buachaill chuig a uncail, ministir paróiste eile. Ní raibh Henrik ach cúig bliana déag, nuair a chuaigh sé go hAcadamh Thúrcú le haghaidh staidéir. Sé bliana ina dhiaidh sin, bhain sé amach a chéim mar "Magister Philosophiae", is é sin, Máistir Fealsúnachta - céim a fhreagraíonn don Mháistir Ealaíon i dtíortha an Bhéarla. Sa bhliain 1760, thosaigh sé ag léachtóireacht san Acadamh. Bhí sé ina leabharlannaí chúnta ón mbliain 1764 anuas, agus sa bhliain 1772, rinneadh leabharlannaí de i Leabharlann na hOllscoile.
Bhí sé ina Ollamh in Acadamh Thúrcú, arbh é an chéad síol le hOllscoil Heilsincí, ón mbliain 1777 anuas. Is é an teideal oifigiúil a bhí air ná "professor eloquentiae", is é sin, Ollamh le Deisbhéalaí, nó Ollamh le Reitric. Go praiticiúil, ollúnacht le Laidin, Gréigis agus staire a bhí ann, nó dhírigh Porthan ar na hábhair seo thar aon rud eile. Deirtear, fiú, gurbh eisean "athair na staire" i saol acadúil na Fionlainne. Thug sé isteach modh oibre na heolaíochta i léann na Fionlainne, agus chaith sé i dtraipisí na hipitéisí fánacha faoi bhunús na Fionlainnise a bhí coitianta go dtí sin - roimh lá Phorthan, bhí lucht an léinn san Fhionlainn ag áitiú go raibh gaol ag an bhFionlainnis leis an Eabhrais, cuir i gcás.
Sna blianta 1766-1778, d'fhoilsigh Porthan a thráchtas faoi fhilíocht tíre na bhFionlannach, "De poesi Fennica". Ní raibh Porthan féin ag saothrú na Fionlainnise, áfach - scríobh sé a chuid saothar i Sualainnis agus i Laidin. Bhí sé den tuairim, fiú, go raibh an Fhionlainnis ag dul in éag agus nach mbeadh le déanamh ach filíocht na bhFionlannach a bhreacadh síos agus a aistriú go Laidin le haghaidh na nglúinte a bhí le teacht.
Mar sin féin, ba mhór an spreagadh í obair Phorthan do lucht saothraithe na Fionlainnise. Nuair a bhunaigh Porthan iris Sualainnise dá chuid féin, "Tidningar utgifne i Åbo", rith le Antti Lizelius, sa bhliain 1775, an chéad iris Fionlainnise - "Suomenkieliset Tieto-Sanomat" ("Teachtaireachtaí Eolais as Fionlainnis") - a fhoilsiú. Bhí Lizelius ábalta an leathmhíosachán seo a choinneáil ag imeacht ar feadh aon bhliain amháin. Ina dhiaidh sin féin, éacht mór ceannródaíochta a bhí ann.
Is léir gur tharraing tráchtas Phorthan súil an domhain léannta i dtreo fhilíocht tíre na Fionlainne an chéad uair. Sa naoú haois déag, chuaigh Elias Lönnrot ag taisteal na tíre ar lorg na ndánta agus na laoithe arb iad amhábhar an dá mhórshaothar filíochta úd Kalevala agus Kanteletar a tháinig ó pheann Lönnrot. Is ar éigean a rithfeadh le Lönnrot an obair seo a chur i gcrích gan an cheannródaíocht a rinne Porthan roimhe.
Scríobh Porthan tráchtas faoi phiseoga na bhFionlannach ársa fosta, mar atá, "De superstitione veterum Fennorum theoretica et practica" (1782), agus rinne sé iarracht foclóir sanasaíochta Fionlainnise agus gramadach Fionlainnise a scríobh, obair nach raibh sé i ndán dó a chur i gcrích roimh a bhás, áfach. Mar sin féin, chuir sé an lucht léinn a tháinig ina dhiaidh ar bhealach a leasa leis na saothair seo.
| 1,393
|
Daniel Juslenius. Scríbhneoir Fionlannach ab ea Daniel Juslenius (10 Meitheamh 1676 – 17 Iúil 1752). Ba é Juslenius a bhreac síos an chéad fhoclóir Fionlainnise, "Suomalaisen sana-lugun coetus". Tháinig an foclóir amach sa bhliain 1745. San am sin, ní raibh ach litríocht reiligiúnda á saothrú as Fionlainnis.
Saol.
Bhí Juslenius an-díograiseach faoin teanga, ach is dócha go ndeachaigh sé thar fóir ó am go ham. Mar shampla, sa bhliain 1700, scríobh sé "Aboa vetus et nova", tráchtas Laidine faoi chultúr na Fionlainne, agus is é an rud a d'áitigh sé sa saothar seo ná gurbh as an bhFionlainn do na Gréagaigh agus do na Rómhánaigh ar dtús!
Ba é Juslenius a scríobh "Vindiciae Fennorum ("Suomalaisten puolustus")" freisin, sa bhliain 1703.
| 305
|
Dong Hoi. Is cathair í Dong Hoi (nó "Đồng Hới") i Vítneam. Príomhchathair Chúige Quang Binh is ea í. Tá breis is 100,000 duine ina gcónaí sa chathair.
| 67
|
An Mheán-Ghaeilge. Ba í an Mheán-Ghaeilge ("Gaoidhealg" as Mheán-Ghaeilge) príomhtheanga na hÉireann, hAlban agus Mhanann ón 10ú haois go dtí an 12ú haois.
De réir a chéile, tháinig meath ar thraidisiún scríofa na Sean-Ghaeilge, agus an Mheán-Ghaeilge ag teacht ina háit. Teanga cineál measctha is ea an Mheán-Ghaeilge, nó is deacair aon chaighdeán nó norm ceart a leagan amach di. Tá idir chaint na ndaoine agus ghramadach chasta na Sean-Ghaeilge ag dul trí chéile sa Mheán-Ghaeilge, agus thairis sin, is féidir forcheartú a fheiceáil ansin - is é sin, iarrachtaí teipthe ar chloí le caighdeán na Sean-Ghaeilge nach bhfuil ceart de réir an chaighdeáin sin "ná" de réir chaint na ndaoine.
Tabhair faoi deara go dtugann téacsleabhair áirithe "Meán-Ghaeilge" ar an Nua-Ghaeilge Chlasaiceach freisin. Ní botún é seo go díreach, ach cleachtas a d'imigh as úsáid idir an dá linn.
| 352
|
Helen Hunt. Is ban-aisteoir agus stiúrthóir í Helen Hunt (a rugadh ar an 15 Meitheamh, 1963), a bhfuil clú uirthi mar gheall ar an tsraith theilifíse "Mad About You", agus scannáin Hollywood.
| 74
|
Julia Roberts. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Julia Roberts (a rugadh ar an 28 Deireadh Fómhair, 1967), a tháinig cáil uirthi i dtús na 1990idí le scannáin grinn rómánsúil ar nós "Pretty Woman" (1990).
Deirtear gur bhfiú $140 milliúin í agus dúirt an irisleabhar "People", gurbh í Roberts ceann de na daoine is dathúla ar an domhan.
| 128
|
Cameron Diaz. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Cameron Diaz (a rugadh ar an 30 Lúnasa, 1972), tá clú uirthi mar gheall ar a cuid rólanna i scannáin grinn is mó, ar nós "There's Something About Mary" agus "My Best Friends Wedding". Is í an ban-aisteoir is rathúla i Hollywood ó thaobh tuarastal de. Saothraíonn sí thart ar 25$ milliúin do gach scannán a dhéanann sí.
| 129
|
Faye Dunaway. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Faye Dunaway (a rugadh ar an 14 Eanáir, 1941), a bhí i scannáin mór le rá sna 1960idí agus sna 1970idí, mar shampla "Bonnie and Clyde", "Chinatown" agus "Network".
| 83
|
Halle Berry. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Halle Berry (a rugadh ar an 14 Lúnasa 1966), a tháinig chun cinn go mór i Hollywood nuair a bhain sí Gradam an Acadamh don phríomhpháirt a bhí aici sa scannán "Monster's Ball" i 2001.
| 88
|
Shirley MacLaine. Is ban-aisteoir Meiriceánach í Shirley MacLaine (a rugadh ar an 24 Aibreán, 1934), a bhfuil ní amháin meas leitheadach uirthi i Hollywood ar son a gcuid aisteoireachta, ach ar son a cuid scríbhneoireachta, gníomhachas, damhsa agus creideamh spioradálta. Tá sí ina dheirfiúr ag an aisteoir Warren Beatty.
| 122
|
Shania Twain. Is ceoltóir ceol tuaithe agus pop Ceanadach í Shania Twain (a rugadh ar an 28 Lúnasa, 1965), a bhfuil aird an domhan tarraingthe uirthi ó d'eisí sí an t-albam fíor-rathúil "Come On Over" sa bhliain 1997.
Gradaim agus ainmniúcháin.
Tá 187 gradam buaite ag Twain.
| 115
|
Elton John. Is amhránaí, pianódóir agus cumadóir Sasanach é Sir Elton Hercules John (a rugadh ar an 25 Márta, 1947), a bhfuil rath agus ómós domhanda bainte amach aige le níos mó ná 450 milliúin ceirnín díolta aige. Tá 30 albam seolta aige lena chomhoibrí cumadóireachta - an liriceoir Bernie Taupin - ón bhliain 1967 i leith.
Saolaíodh Elton John i bPinner, baile beag den lucht oibre in iarthuaisceart na príomhchathrach. Bhí dúil mhór aige sa cheol ón chliabhán agus d'fhoglaim sé a cheird ar phianó an tí. Agus an bhliain 1962 ann, chuaigh sé isteach ina chéad banna - grúpa rithim agus na gormacha darbh ainm Bluesology. Sa bhliain 1967, bhuail lena dhlúthchara agus comhchumadóir fad téarmach Bernie Taupin tar éis mír sa nuachtán ag lorg cumadóiri. Réitigh an bheirt lena chéile ón tús agus chaitheadar dhá bhliain ag cumadh amhrán d'amhránaithe amhail Lulu. Le linn na tréimhse céanna, bhí se thar a bheith gníomhach mar phianódóir ar ceirníní móra na seascaidí (The Hollies agus araile).
Scaoil John a chéad albam mar cheoltóir aonair (Empty Sky) sa bhliain 1969, agus b'é an rian "Your Song" óna dara halbam (Elton John) a shroich barr na gcairteacha sa bhliain ina dhiaidh. Chuaigh John i gcion ar ghlúin éagsúla nua sna 1990idí mar thoradh ar fhuaimrian an cartúin de chuid Disney The Lion King agus na ceoldrámaí Aida agus Billy Elliot the Musical. Tá iliomad duaiseanna buaite aige thar na blianta - Grammy, Tony agus Disney Legend.
Fear aerach pósta atá ann. Phós sé David Furnish sa bhliain 2005 agus tá beirt chlainne uchtaithe acu. Taobh amuigh den cheol, is fear mór peile é le fada an lae, agus na blianta caite aige ina chathaoirleach ar a chumann áitiúil Watford FC. Bronnadh uachtarántacht oinigh air sa bhliain 2005.
| 672
|
Keira Knightley. Is ban-aisteoir Sasanach í Keira Knightley (26 Márta 1985 a rugadh í).
| 32
|
Geoffrey Rush. Is aisteoir Astrálach é Geoffrey Roy Rush (6 Iúil 1951 a rugadh é).
| 30
|
Finding Nemo. Scannán de chuid Disney is ea Finding Nemo (2003). Ba é Andrew Stanton an scríbhneoir agus ba iad Stanton agus Lee Unkrich na stiúrthóirí. Rinne Pixar Animation Studios agus Walt Disney Pictures é. Ghlac Albert Brooks, Ellen DeGeneres, Alexander Gould, Willem Dafoe, Brad Garrett, Joe Ranft, Allison Janney, Austin Pendleton, Stephen Root, Geoffrey Rush, Nicolas Bird, Erica Beck, LuLu Ebeling, agus Barry Humphries páirt ann.
Baineann an scéal le hiasc (gairéadach) darb ainm Marlin. Athair ró-chosantach é agus nuair a fhuadaítear a mhac, Nemo, téann sé sa tóir air, chomh fada le cuan Sydney san Astráil. Téann iasc eile leis, tang gorm darb ainm Dory. Agus é ar lorg a mhic, fhoghlaimíonn Marlin conas dul i riosca agus conas a ghlacadh le neamhspleáchas agus ábaltacht Nemo.
Is é "Finding Nemo" an scannán is mó díol mar DVD agus breis is 40 milliún cóip de ceannaithe ag daoine. Thuill an scannán níos mó airgid ná aon scannán G4 eile go dtí gur tháinig amach Pixar le "Toy Story 3".
| 348
|
Stair na Liotuáine. Is é is brí le stair na Liotuáine ná an t-eolas atá ar fáil sna foinsí liteartha faoi shaol na Liotuáine fadó agus faoi na himeachtaí a chuir cor i gcinniúint a muintire. Rinneadh an chéad trácht ar an Liotuáin in aon scríbhinn sa bhliain 1009.
Na meánaoiseanna.
Sna Meánaoiseanna bhain an stát seo amach tábhacht nach beag i gcúrsaí Oirthear na hEorpa. Áirítear gur cuireadh an chéad tús leis an Liotuáin mar stát ar an 6ú lá de Mhí Iúil, 1253, nuair a corónaíodh an prionsa Mindaugas ina Rí ar an Liotuáin i Voruta. D'éirigh le Mindaugas an tsíorchogaíocht idir na diúic áitiúla a thabhairt chun síochána agus an tír a aontú. Ina dhiaidh sin, agus an rí Gediminas ag scuabadh roimhe sna críocha timpeall na Liotuáine, síneadh críocha an stáit i bhfad amach, agus é ag iompú ina ríocht mhór ilteangach - Ard-Diúcacht na Liotuáine. Sa cheathrú haois déag, bhí cuid mhór den Bhealarúis agus den Úcráin sealbhaithe ag an Liotuáin, agus críocha na tíre ag rith ó Mhuir Bhailt go dtí an Mhuir Dhubh.
Cé go raibh na Liotuánaigh agus a rítheaghlach ina bPagánaigh ina gcónaí, bhí siad i gceannas ar na sluaite móra de Chríostaithe, go háirithe Críostaithe Slavacha Oirthearacha sa Bhealarúis agus san Úcráin. Suíomh as an ngnáth ab ea é sin, agus theastaigh óna lán ríthe agus prionsaí Críostaí an aimhrialtacht seo a leigheas. Le tosach a bhaint díobh, chinn an tArd-Diúc Jogaila ("Jagiełło" as Polainnis) glacadh leis an gCríostaíocht ón bPolainn agus banphrionsa Polannach a phósadh, rud a rinne sé sa bhliain 1386. Fuair sé coróin na Polainne sa teagmháil, agus ó sin i leith, bhí an dá thír seo á rialú ag an t-aon rí amháin i gcomhcheangal pearsanta.
Comhlathas.
Sa bhliain 1569, chuaigh an Liotuáin agus an Choróin (is é sin, an Pholainn) le chéile ina gComhlathas Polannach-Liotuánach. Nuair a bhí na comharsana ag cúngú ar an gComhlathas cheana féin, rinne muintir an dá thír iarracht an teorainn eatarthu a chur ar ceal go hiomlán agus aon ríocht amháin a ghairm díobh. Ba chuid é seo de Bhunreacht na Bealtaine sa bhliain 1791, bunreacht forásach a reachtaíodh leis na Polannaigh is na Liotuánaigh a aontú chun troda ar na comharsana, mar atá, an Ostair, an Phrúis, agus an Rúis, a bhí ag féachaint le deireadh a chur le neamhspleáchas na Polainne agus críochdheighilt a dhéanamh ar a cuid tailte. Ní raibh an lá leis na Polannaigh ná leis na Liotuánaigh. Rinne an trí chomharsa an chríochdheighilt dheifnídeach sa bhliain 1795, agus chuir siad an Pholainn de dhroim an tsaoil. Fuair na Liotuánaigh iad féin faoi chos na Rúise Impiriúla, ansin.
Faoin Rúis Impiriúil.
Bhí rialtas an Impire Rúisigh brúidiúil go maith. Mar shampla, ní raibh cead ag na Liotuánaigh a dteanga a scríobh ná a chlóchur, ach amháin na litreacha Coireallacha, Rúiseacha a úsáid. Ós rud é gur Caitlicigh ab ea formhór na Liotuánach, ní raibh sé de thraidisiún acu ach an aibítir Laidineach a úsáid.
An chéad neamhspleáchas.
Ar an ochtú lá déag d'Fheabhra, 1918, d'éirigh leis na Liotuánaigh a neamhspleáchas a bhaint amach. Níor fágadh acu ach croílár na sean-Liotuáine, an chuid den tír ina raibh lucht labhartha na Liotuáinise á labhairt. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, d'fhorghabh an tArm Dearg an Liotuáin agus rinneadh iarracht - faoi cheannas an Chumannaigh Liotuánaigh Kapsukas - an Liotuáin agus an Bhealarúis a cheangal in aon phoblacht Shóivéadach amháin. Ansin, ruaig fórsaí Polannacha an Ghinearáil Lucjan Żeligowski na Sóivéadaigh as an áit, ach ní raibh na Polannaigh sásta Vilnias ná an ceantar timpeall na cathrach a thabhairt ar ais do na Liotuánaigh. Bhí deachtóir neamhoifigiúil na Polainne, an Marascal Józef Piłsudski, den tuairim gur leis an bPolainn ó cheart Vilnias, agus ós rud é gurbh í an Pholainnis príomhtheanga na háite ag an am, bhí cuid nár bheag den cheart aige. Níor admhaigh na Liotuánaigh an gabháltas riamh, áfach, agus chaith an dá thír an chuid ba mhó de na blianta idirchogaidh i gcomhchainteanna neamhthorthúla faoi chinniúint na cathrach.
An Dara Cogadh Domhanda.
I dtús an Dara Cogadh Domhanda, b'iad na Sóivéadaigh a shealbhaigh an tír. Ar dtús, ní raibh i gceist acu ach bunáiteanna míleata a fháil ar cíos dá gcuid saighdiúirí agus fórsaí armtha. Nuair a bhí an Pholainn cloíte ag na Gearmánaigh agus na Sóivéadaigh araon, bhí Stailín sásta Vilnias a thabhairt ar ais do na Liotuánaigh mar chomhartha cairdeasa. Sa bhliain 1940, áfach, shealbhaigh na Cumannaigh an chumhacht sa tír le cabhair na ndíormaí Sóivéadacha, agus fógraíodh an Liotuáin ina poblacht Shóivéadach, is é sin, ina cuid den Aontas Sóivéadach.
I Mí an Mheithimh den bhliain 1941, d'ionsaigh an Ghearmáin Naitsíoch an tAontas Sóivéadach. Nuair a d'éalaigh na saighdiúirí Sóivéadacha roimh na Gearmánaigh, d'fhéach na Liotuánaigh lena stát neamhspleách a chur ar bun arís. Ní raibh foighne ar bith ag Hitler i leith iarrachtaí den chineál sin, áfach. D'fhorghabh na Gearmánaigh an Liotuáin scun scan, agus iad ag cur a gcórais féin i bhfeidhm ar na Liotuánaigh. Is follasach go ndearnadh eirleach iomlán ar Ghiúdaigh na Liotuáine, mar ba dual don Naitsíochas. Cnámh spairne is ea é sa Liotuáin i gcónaí, cén pháirt a bhí ag dreamanna dúchasacha de chomhoibritheoirí is de lucht leanúna frith-Ghiúdachais sna himeachtaí seo.
Ón taobh eile de, is léir go raibh sé de phlean ag na Naitsithe gan aon fhorlámhas polaitiúil ná cultúrtha a fhágáil ag na Liotuánaigh sa tír a thuilleadh. Cosúil le go leor áiteanna eile in Oirthear na hEorpa, bhí na Naitsithe ag iarraidh an Liotuáin a thabhairt chun Gearmánachais trí fheirmeoirí Gearmánacha a thabhairt isteach leis an tír a choilíniú.
Bhí treallchogaíocht ar siúl sa Liotuáin freisin, ach ba mhinic a fuair na dreamanna éagsúla deacair réiteach le chéile. Bhí na treallchogaithe Cumannacha meáite ar an tír a thabhairt ar ais don Aontas Sóivéadach, ach san am céanna, bhí formhór mór de na treallchogaithe eile ag iarraidh an neamhspleáchas a bhaint amach don Liotuáin arís. I gceantar Vilnias, áfach, bhí díormaí Armia Krajowa, arm rúnda na bPolannach, tréan go leor, agus iad den tuairim gur ceantar Polannach a bhí i gceist agus é le cosaint ar na Gearmánaigh, na Sóivéadaigh agus na Liotuánaigh araon.
Sa samhradh den bhliain 1944, bhain na díormaí Sóivéadacha amach teorainn thoir na Liotuáine arís, agus iad ag cromadh ar an tír a "shaoradh ó bhráca" mar a samhlaíodh an scéal dóibh féin. I dtús an chéad bhliain eile, bhí seanchuma na "poblachta" Sóivéadaí ar an tír arís.
An ré Shóivéadach.
I ndeireadh an chogaidh, b'iad seirbhísí rúnda Stailín a bhí i gceannas ar an Liotuáin. Deirtear gur díbríodh thart ar chéad míle de Liotuánaigh go dtí an tSibéir agus áiteanna eile i gcroílár na Rúise. Mhair díormaí scaipthe de threallchogaithe amuigh sna coillte agus faoin tuath ag cur cath éadóchasach ar na Sóivéadaigh go deireadh ré Stailín. Rinneadh iarrachtaí chun lucht oibre a mhealladh isteach ón Rúis leis an tír a chur i dtreo an chultúir Rúisigh. Mar sin féin, tháinig an Liotuáin as blianta an fhorlámhais Shóivéadaigh i bhfad níos sláine ná an dá thír Bhaltacha eile, cuir i gcás, nó an Bhealarúis. Bhí Cumannaigh Liotuánacha i gceannas ar an bpáirtí áitiúil, agus d'éirigh leo féachaint chuige nár fágadh aon mhórdhamáiste ar stádas ná ar staid na Liotuáinise.
Saoirse nua.
Nuair a tháinig bláth ar pholasaithe nuála Mikhail Gorbachev i ndeireadh na n-ochtóidí, ní raibh aon mhoill ar na Liotuánaigh a leas féin a bhaint as an dóigh ar maolaíodh ar an gcinsireacht agus ar obair na seirbhísí rúnda. An cineál gluaiseacht ar tugadh "Fronta an Phobail" air sna poblachtaí Sóivéadacha eile, is é an t-ainm a baisteadh air sa Liotuáin ná Sąjūdis. Tháinig an eagraíocht seo ar an bhfód sa bhliain 1988, agus ní raibh sí i bhfad ag tiomsú nirt i bhfianaise an tacaíocht a fuair sí i ngach aon chearn de shochaí na Liotuáine, an Páirtí Cumannach san áireamh. Nuair a rug Algirdas Brazauskas greim ar halmadóir an pháirtí, thosaigh na Cumannaigh Liotuánacha ag tabhairt droim láimhe le Moscó. I dtús na bliana 1990, ghnóthaigh Sąjūdis an t-olltoghchán, agus ar an t-aonú lá déag de Mhí na Márta, d'fhógair Sóivéid Uachtarach na Liotuáine, a bhí le hiompú ina parlaimint go gairid agus an t-ainm "Sóivéid" a chaitheamh i dtraipisí, go raibh an Liotuáin ina tír neamhspleách, neamh-Shóivéadach arís. B'iad an tUachtarán Vytautas Landsbergis agus an Príomh-Aire Kazimiera Prunskiene a tháinig i gceannas ar an tír anois, agus iad - Landsbergis ach go háirithe - go tréan in aghaidh aon chineál comhréitigh leis an Aontas Sóivéadach. Ní ghlacfadh Landsbergis ach leis an neamhspleáchas iomlán.
Rinne na Sóivéadaigh cúpla iarracht na Liotuánaigh a chur faoi smacht arís, ach níor éirigh go maith leo. I ndiaidh an fhorógra neamhspleáchais, d'fhéach siad leis na Liotuánaigh a imeaglú lena gcuid tancanna agus gléasra cogaidh eile, ach ó choinnigh na Liotuánaigh cuma shíochánta orthu féin, níor fágadh siocair ná leithscéal ag na fórsaí Sóivéadacha oibríochtaí míleata a thosú.
Ar an deichiú lá de Mhí Eanáir 1991 a tháinig cnámh na huillinne. Shealbhaigh na díormaí Sóivéadacha roinnt tithe agus foirgneamh i Vilnius agus iad ag iarraidh "Coiste Slánaithe Náisiúnta" dá ndéantús féin a chur i gceannas ar an tír. Trí lá ina dhiaidh sin, ghabh na Sóivéadaigh an stáisiún teilifíse le lámh láidir, ionas go bhfuair ceathrar sibhialtach déag bás sa teagmháil. Mar sin féin, ní raibh siad in ann an rialtas dlisteanach a ruaigeadh as an gcumhacht a thuilleadh, nó bhí na Liotuánaigh ag tacú leis na polaiteoirí a vótáil siad isteach de réir nós imeachta an daonlathais. An "coup d'état" a bhí idir lámhaibh ag na Sóivéadaigh, tháinig meath air i bhfianaise na n-imthosca seo.
I Mí Lúnasa na bliana 1991, d'fhéach na Cumannaigh choimeádacha i Moscó le Gorbachev a chur as cumhacht agus an tír a shealbhú dóibh féin. Faoi thionchar na hiarrachta deireanaí seo, chonacthas saighdiúirí Rúiseacha ag gabháil an chorr-fhoirgnimh agus ag gearradh línte cumarsáide anseo is ansiúd sa Liotuáin, ach faoin am seo, bhí an cluiche thart. Nuair a thit an tAontas Sóivéadach as a chéile i ndiaidh an "choup d'état" seo, fuair an Liotuáin aitheantas a neamhspleáchais ó lámh Uachtarán na Rúise, Boris Yeltsin.
I ndiaidh dóibh a saoirse a fháil ar ais, chrom na Liotuánaigh ar a ndaonlathas nua a thógáil agus leigheas a lorg ar na trioblóidí eacnamaíocha atá ag cur isteach ar a saol. Nuair a fuair siad an chéad radharc ceart ar fhíor-ghnúis an chaipitleachais, is iomaí duine acu a ghlac col leis, nó i ndiaidh an chórais Shóivéadaigh, a gheall jab éigin do chách, ba mhór an t-ábhar frustrachais agus díomá dóibh an dífhostaíocht. Mar sin, nuair a bhí an chéad triail bainte ag na Liotuánaigh as Sąjūdis, chaith siad a gcuid vótaí ar mhaithe leis na hiar-Chumannaigh in olltoghcháin na bliana 1992. Chuir torthaí an toghcháin imní ar go leor daoine sa bhaile agus i gcéin: mar shampla, chuaigh díorma d'óglaigh na heagraíochta cosanta áitiúla SKAT amach sna coillte in aice le Kaunas, ar eagla go dtrialfadh na Cumannaigh an tír a chur i dtreo an tSóivéadachais arís. Bhí eagla ar go leor daoine roimh chogadh cathartha, agus na treallchogaithe seo ag siúl na tíre, ach i ndeireadh na dála, fuasclaíodh an ghéarchéim seo go sibhialta.
| 4,602
|
Cultúr na Liotuáine. Fuair na Liotuánaigh sách deacair a gcultúr agus a litríocht dhúchasach a fhorbairt, nó níor tháinig a dteanga i gcrann mar theanga chultúrtha ach ón naoú haois déag i leith. Ní féidir a rá go ndéanfadh na Polannaigh aon iarracht an Liotuáinis a choinneáil faoi chos, ach mar sin féin, chuaigh cuid mhaith de na huaisle Liotuánacha leis an bPolainnis mar theanga chultúrtha. An pósadh a rinne cultúr tíre, béaloideas agus miotaseolaíocht na Liotuáine le teanga agus litríocht na bPolannach, áfach, bhí sé iontach torthúil, agus tá litríocht chlasaiceach na Polainnise foirgthe le móitífeanna Liotuánacha. Dá réir sin, dearcann na Liotuánach ar fhile náisiúnta na Polainne, Adam Mickiewicz, mar dhuine dá gcuid féin, agus iad den tuairim gur chóir Adomas Mickėvičius a thabhairt air ó cheart.
Teanga.
Is í an Liotuáinis príomhtheanga na tíre. "Lietuvių kalba" a thugann lucht a labhartha ar a dteanga féin. Is ceann den dá theanga Bhaltach atá fós beo í an Liotuáinis (chomh maith leis an Laitvis). Is brainse sainiúil de na teangacha Ind-Eorpacha iad na teangacha Baltacha.
Creideamh.
Is í an Chríostaíocht príomhchreideamh na Liotuáine. De réir an daonáirimh sa bhliain 2001, ba Chaitlicigh iad 79% de mhuintir na tíre.
Ceol.
Is ceoltóirí cáiliúla iad na Liotuáinigh seo a leanas.
Litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise.
B'é Kristijonas Donelaitis a chuir an chéad tús le litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise leis an dán Metai ("Séasúir na Bliana"). Níor tháinig an dán i bprionta ach sa bhliain 1815, beagnach leathchéad bliain i ndiaidh bhás an fhile féin, agus is dócha nach dtiocfadh choíche, murach gur fhoilsigh an daonchara Prúiseach Ludwig Rhesa é. Sa bhliain 1845, tháinig an chéad leabhar staire amach sa teanga, mar atá, Būdas senovės Lietuvių kalnėnų žemaičių ("Nósanna na Sean-Liotuánach") le Simonas Daukantas.
Agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais, thosaigh ag géarú ar na feachtais a bhí ar siúl ag na húdaráis Phrúiseacha agus Rúiseacha leis an Liotuáinis a chur faoi chos i gcríocha an dá thír seo. Chuir na Prúisigh béim ar Ghearmánú na scoileanna, agus an Rúis Impiriúil ag troid na teanga féin: cuireadh cosc le foilsiú na leabhar Liotuáinise, ach an aibítir Choireallach a úsáid. Ní raibh cosc le leabhair Liotuáinise a chur i gcló sa Phrúis, áfach, agus b'ansin a d'fhoilsítí an chuid ba mhó de na leabhair Liotuáinise san am.
Neamhspleáchas.
Le teacht an neamhspleáchais, bhí cead ag na Liotuánaigh a dteanga a shaothrú agus ollscoil Liotuáinise a bhunú in Kaunas. Ní raibh an Sóivéadú i ndiaidh an dara cogadh domhanda in ann an Liotuáinis a bhaint de bhéal na ndaoine ná an saol cultúrtha a scrios, siúd is go raibh d'iallach ar go leor intleachtóirí Liotuánacha éalú roimh na díormaí Sóivéadacha agus a raibh fágtha dá saol a chaitheamh ar deoraíocht. Bhí tionchar nár bheag ag go leor acu seo ar léann agus chultúr a dtíortha nua. Is é an t-ainm is mó le rá acu, b'fhéidir, ainm Marija Gimbutas, a chaith an tréimhse ab fhearr dá saol ina hOllamh le Seandálaíocht in Ollscoil Chalifornia i Los Angeles (UCLA).
Scríbhneoirí an lae inniu.
I measc scríbhneoirí an lae inniu, is é an file Tomas Venclova an duine is mó le rá acu. B'éigean dó, áfach, éalú ón Liotuáin Shóivéadach sa bhliain 1977, agus níor tháinig a chuid leabhar i gcló ina thír dhúchais roimh imeacht an Chumannachais.
Spórt.
I gcúrsaí spóirt, bhí na Liotuánaigh riamh chun tosaigh ar na náisiúntachtaí eile ar fhoireann chispheile an Aontais Shóivéadaigh. Nuair a bhain an tír amach an neamhspleáchas, osclaíodh geataí an NBA d'imreoirí na Liotuáine, agus is iomaí cispheileadóir ón Liotuáin a chonacthas ag imirt i léig náisiúnta cispheile Mheiriceá ó shin.
| 1,532
|
Litríocht na Liotuáine. Fuair na Liotuánaigh sách deacair a gcultúr agus a litríocht dhúchasach a fhorbairt, nó níor tháinig a dteanga i gcrann mar theanga chultúrtha ach ón naoú haois déag i leith. Ní féidir a rá go ndéanfadh na Polannaigh aon iarracht an Liotuáinis a choinneáil faoi chos, ach mar sin féin, chuaigh cuid mhaith de na huaisle Liotuánacha leis an bPolainnis mar theanga chultúrtha. An pósadh a rinne cultúr tíre, béaloideas agus miotaseolaíocht na Liotuáine le teanga agus litríocht na bPolannach, áfach, bhí sé iontach torthúil, agus tá litríocht chlasaiceach na Polainnise foirgthe le móitífeanna Liotuánacha. Dá réir sin, dearcann na Liotuánach ar fhile náisiúnta na Polainne, Adam Mickiewicz, mar dhuine dá gcuid féin, agus iad den tuairim gur chóir Adomas Mickėvičius a thabhairt air ó cheart.
Meánaois.
I rith na meánaoise, scríobhadh go leor litríochta Laidine sa Liotuáin.
Litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise.
B'é Kristijonas Donelaitis a chuir an chéad tús le litríocht nua-aoiseach na Liotuáinise leis an dán Metai ("Séasúir na Bliana"). Níor tháinig an dán i bprionta ach sa bhliain 1815, beagnach leathchéad bliain i ndiaidh bhás an fhile féin, agus is dócha nach dtiocfadh choíche, murach gur fhoilsigh an daonchara Prúiseach Ludwig Rhesa é. Sa bhliain 1845, tháinig an chéad leabhar staire amach sa teanga, mar atá, "Būdas senovės Lietuvių kalnėnų žemaičių" ("Nósanna na Sean-Liotuánach") le Simonas Daukantas.
Agus an naoú haois déag ag druidim chun deireanais, thosaigh ag géarú ar na feachtais a bhí ar siúl ag na húdaráis Phrúiseacha agus Rúiseacha leis an Liotuáinis a chur faoi chos i gcríocha an dá thír seo. Chuir na Prúisigh béim ar Ghearmánú na scoileanna, agus an Rúis Impiriúil ag troid na teanga féin: cuireadh cosc le foilsiú na leabhar Liotuáinise, ach an aibítir Choireallach a úsáid. Ní raibh cosc le leabhair Liotuáinise a chur i gcló sa Phrúis, áfach, agus b'ansin a d'fhoilsítí an chuid ba mhó de na leabhair Liotuáinise san am.
Neamhspleáchas.
Le teacht an neamhspleáchais, bhí cead ag na Liotuánaigh a dteanga a shaothrú agus ollscoil Liotuáinise a bhunú in Kaunas. Ní raibh an Sóivéadú i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda in ann an Liotuáinis a bhaint de bhéal na ndaoine ná an saol cultúrtha a scrios, siúd is go raibh d'iallach ar go leor intleachtóirí Liotuánacha éalú roimh na díormaí Sóivéadacha agus a raibh fágtha dá saol a chaitheamh ar deoraíocht. Bhí tionchar nár bheag ag go leor acu seo ar léann agus chultúr a dtíortha nua. Is é an t-ainm is mó le rá acu, b'fhéidir, ainm Marija Gimbutas, a chaith an tréimhse ab fhearr dá saol ina hOllamh le Seandálaíocht in Ollscoil Chalifornia i Los Angeles (UCLA).
Scríbhneoirí an lae inniu.
I measc scríbhneoirí an lae inniu, is é an file Tomas Venclova an duine is mó le rá acu. B'éigean dó, áfach, éalú ón Liotuáin Shóivéadach sa bhliain 1977, agus níor tháinig a chuid leabhar i gcló ina thír dhúchais roimh imeacht an Chumannachais.
| 1,222
|
Cultúr na hÉireann. Níl cultúr amháin ag muintir oileáin na hÉireann. Is iomaí difríocht atá ann, mar shampla idir muintir na cathracha agus muintir na tuaithe, nó idir na Caitlicigh agus na Prostatúnaigh sa Tuaisceart.
Daoine.
Tá 6.4 mhilliún duine in Éirinn. Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Alba, agus ar bhonn níos lú, as Sasana. Is Caitlicigh formhór (os cionn 70%) an daonra. Is Protastúnaigh formhór na coda eile, beagán níos mó ná leath na ndaoine in Ulaidh, agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe Preispitéirigh agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na hÉireann. Féach ar an alt Creideamh in Éirinn le tuilleadh sonraí).
Teanga.
Is iad an Ghaeilge agus an Sacs-Bhéarla príomhtheangacha na hÉireann. Tá Béarla ag beagnach gach éinne in Éirinn. Deir 1.6 milliún Éireannach go bhfuil Gaeilge acu; 400,000 le Gaeilge líofa; 104,000 a úsáideann gach lá í (70,000 duine fásta, os cionn naoi mbliana déag d'aois).
Ceol.
Tá cáil ar na hÉireannaigh ó thús a gcuid staire sa cheol. Bhíodh ceoltóirí agus cumadóirí ceardúla go fairsing sa tír faoi na sean-ríthe agus flathamhna, go dtí gur chuir Cath Chionn tSáile deireadh leis an seanchóras Gaelach. As sin amach, leanadh den cheol, ach ba cheol tíre an chuid ba mhó de, le ceol rince agus oibre san áireamh.
Níos déanaí, tháinig foirm amhránaíochta gan tionlacan ar aghaidh, ar a dtugtar an sean-nós. Tá sé seo láidir fós, go háirithe i nGaeltachtaí Chonnacht. Tá traidisiúin ceol fidle láidir i gcuid mhór den tír, ach castar ceol traidisiúnta freisin ar an gcruit, ar an bhfeadóg stáin, agus ar an mbosca ceoil go forleathan. Bhíodh rincí traidisiúnta go rialta ag na crosbhóthair go dtí na 1950í, ach ina dhiaidh sin ba sna hallaí rince ba mhó a bhí ceol le haireachtáil go beo. Ar ndóigh chuir an "disco" tarraing i gcónra na mbannaí agus na hallaí ceoil, cé go leanann cuid acu go fóill.
Litríocht.
Maraon leis an gceol, tá cáil ar na Gaeil leis an scríbhneoireacht. San fhichiú céad agus sa 21ú céad is i mBéarla atá an chuid is mó den scríbhneoireacht seo, ar aon dul leis an titim ar úsáid na Gaeilge thar an achar sin.
Spórt.
Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh. Is iad iomáint, peil Ghaelach, camógaí agus liathróid láimhe. Is é Cumann Lúthchleas Gael ainm an eagraíocht atá i gceannas na gcluichí seo in Éirinn. Is iad na cluichí traidisiúnta atá is coitianta in Éirinn, ach tá gach saghas spórt le fáil freisin. Tá suim ag go leor daoine sa sacar freisin, agus faigheann foireann sacair na hÉireann a lán tacaíochta inniu. Chomh maith leis sin, tá galf, snúcar agus rugbaí coitianta freisin. Imríonn foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann (agus IRFU) ar son an oileáin ar fad i gComórtas na Sé Náisiún.
Na meáin cumarsáide.
Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an Irish Times, an Irish Independent, agus le cúpla bliain anuas an Irish Examiner. Bhí an Cork Examiner ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é. Tá eagráin d´Éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair.
Tá díol leathan ar an Belfast Telegraph, an Irish News agus an Daily Ireland as Béal Feirste, ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an Irish Press, Sunday Press agus Evening Herald an-tábhachtach go dtí na 1970í, agus iad á riaradh ag muintir Éamon de Valera. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an Sunday Independent ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an Sunday World. Tá dhá nuachtán Gaeilge ann: Lá (atá laethúil, as Béal Feirste) agus Foinse (atá seachtainiúil, as An Cheathrú Rua).
Is é Radio Telefís Éireann an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: RTÉ a hAon, RTÉ a Dó agus TG4. Tá TV3 agus Channel 6 neamhspleách ón stát. Tá an BBC ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le hUTV atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.
| 1,697
|
Cúrsaí spóirt in Éirinn. Tá áit thábhachtach ag an spórt in Éirinn. Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh, na Cluichí Gaelacha. Is é Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht atá i gceannas ar na cluichí seo in Éirinn. Tá suim ag go leor daoine sa sacar. Chomh maith leis sin, tá galf, snúcar agus rugbaí coitianta freisin. Imríonn foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann (agus IRFU) ar son an oileáin ar fad i gComórtas na Sé Náisiún.
Na Cluichí Gaelacha.
Tá tábhacht ar leith in Éirinn leis na cluichí Galaacha, agus is iad Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Peile na mBan a d'fhorbair, agus a reachtálann fós, traenáil agus comórtais i gcluichí na nGael. Ina measc siúd tá an pheil Ghaelach, iomáint agus camógaíocht agus liathróid láimhe. Ní íoctar na traenáilithe nó na himreoirí go hiondúil ach mar sin féin eiríonn le lúthchleasaithe agus imreoirí spóirt na tíre ardchaighdeán a bhaint amach sna cluichí dúchasacha. Bíonn Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl sa Ghaeltacht gach bliain. Imrítear 'corr' go hiondúil i measc na n-óg in Éirinn, ach ní mórán eagair a chuirtear air. Is spórt ársa é an An Bol Bóthair chomh maith a imrítear in áiteanna áirithe in Éirinn.
Rugbaí.
Imrítear an rugbaí go coitianta in Éirinn. Imríonn foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann i gComórtas na Sé Náisiún. Imríonn na cúigí i Sraith RaboDirect PRO12 agus i gCorn na hEorpa.
Sacar.
Tá an sacar ar na spóirt is coitianta in Éirinn. Tá sacar na mban tagtha ar aghaidh go mór le roinnt blianta anuas. Tá an spórt ag dul ó neart go neart an t-am ar fad.
Spóirt eile.
Tá go leor cluichí foirne ann, agus imrítear an chuid is mó acu áit éigin in Éirinn. Ar na cluichí is tábhachtaí tá sacar, rugbaí, cispheil, leadóg, hacaí, hacaí oighir, cricéad, cluiche corr, daorchluiche, peil Astrálach, peil Mheiriceánach agus peil Cheanada atá gaolta leis, lacrosse agus liathróid láimhe.
| 781
|
Meáin chumarsáide na hÉireann. Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na hÉireann bunaithe i mBaile Átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin sa tír ná an Irish Times, an Irish Independent agus, le cúpla bliain anuas, an Irish Examiner. Bhíodh an Cork Examiner ar an nuachtán laethúil seo ar feadh na mblianta, ach beartaíodh díol náisiúnta a thabhairt dó tar éis gur theip ar an Irish Press i lár na 1990idí agus athainmníodh mar sin é.
Tá eagráin d´Éirinn ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an Belfast Telegraph, an Irish News agus an Daily Ireland as Béal Feirste, ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhíodh an Irish Press, Sunday Press agus Evening Herald an-tábhachtach go dtí na 1970í, agus iad á riaradh ag muintir Éamon de Valera. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an Sunday Independent agus an Sunday World ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an Sunday Business Post atá neamhspleách agus teidil eile de bhunadh Sasana le hábhar dírithe ar Éirinn, an Sunday Times agus Irish Mail on Sunday ina measc. Bhíodh dhá nuachtán Gaeilge ann: Lá (a foilsíodh go laethúil i mBéal Feirste) agus Foinse (a foilsíodh go seachtainiúil sa Cheathrú Rua).
Is é Radio Telefís Éireann an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: RTÉ a hAon, RTÉ a Dó agus TG4. Tá TV3 agus Channel 6 neamhspleách ón stát. Tá an BBC ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le hUTV atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.
| 622
|
Muintir na hÉireann. Tá 6.38 mhilliún duine in Éirinn (Gaeilge: "Muintir na hÉireann", "na hÉireannaigh", "na Gaeil") (Béarla: "The People of Ireland") (Ultais: "Tha fowk o Airlann"). Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Alba, agus ar bhonn níos lú, as Sasana.
Is Caitlicigh formhór (os cionn 70%) an daonra. Is Protastúnaigh formhór na coda eile, beagán níos mó ná leath na ndaoine in Ulaidh, agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe Preispitéirigh agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na hÉireann. Féach ar an alt Creideamh in Éirinn le tuilleadh sonraí).
| 298
|
Aeráid na hÉireann. Aimsir bhog fhliuch is gnách a bheith in Aeráid na hÉireann.
Tá tionchar mór ag Sruth Mhurascaill Mheicsiceo uirthi. Is ag an ngaoth aniar aneas atá an tionchar is mó ar an aimsir, agus tig sruth na Murascaile ón treo céanna. Tugann sí aer te isteach ón gCairib, a bhailíonn an-chuid taiseachta ar a bealach trasna an Atlantaigh Thuaidh. Cé go bhfágann sin nach mbíonn mórán fuachta nó sneachta ann sa gheimhreadh, ná teochtaí ró-ard sa samhradh, is minic a bhíonn an tír an-ghaofar agus tais, rud a bhíonn le sonrú sa gheimhreadh go háirithe.
Téamh domhanda in Éirinn.
Bhí sé tugtha le fios ag seirbhís monatóireachta aeráide an Aontais Eorpaigh sa bhliain 2021gurbh é an samhradh 2021 ba theo a taifeadadh riamh san Eoraip. idir an Meitheamh agus Lúnasa, bhí meánteocht dromchla an aeir beagnach céim níos airde ná an mheánteocht idir na blianta 1991-2020.
| 352
|
An Vóvaidín. Cúige sa tSeirbia is ea an Vóvaidín (Seirbis: "Војводина" nó "Vojvodina"). Is é an cúige is líonmhaire teangacha sa tSeirbia, mar anuas ar an tSeirbis féin, tá an Ungáiris, an tSlóvaicis, an Rómáinis, an Chróitis, agus an Rúisínis Phanónach oifigiúil sa chúige. Cúige féinrialaitheach atá ann.
Is í Novi Sad príomhchathair an chúige, agus is í Subotica an dara cathair is tábhachtaí.
Is é is brí le hainm an chúige ná "vóvadacht". Focal is ea "vóvad" ("vojvoda", "wojewoda" agus araile) a chiallaíonn, ó thús, ceannaire na sluaite armtha sna teangacha Slavacha, ach i rith na gcéadta bliain fuair sé cialla éagsúla sna teangacha difriúla. Mar sin, is ceantar í an Vóvaidín a raibh taoiseach den chineál seo i gceannas air i dtús.
Daoine cáiliúla ón Vóvaidín ab ea Danilo Kiš (scríbhneoir) agus Mileva Marić (fisiceoir a bhí pósta ar Albert Einstein tráth).
| 358
|
Maximilien Robespierre. Duine de na ceannairí ba thábhachtaí i Réabhlóid na Fraince a bhí i Maximilien François Marie Isidore de Robespierre (6 Bealtaine 1758 – 28 Iúil 1794).
Bhí sé ina bhall de Choiste na Slándála Poiblí agus ghlac sé páirt lárnach sa chuid den réabhlóid ar a tugtar Ré an Uafáis, go dtí gur gabhadh agus cuireadh chun báis é sa bhliain 1794.
Ceannaire dian agus cruálach ab ea é, ach neamh-éillitheach ag an am céanna, rud a thuill an leasainm "Robespierre Dochlaonta" dó.
Saol.
Bhítí ag maíomh gur de bhunadh na hÉireann é ach dealraíonn sé nach bhfuil aon bhunús leis an ráiteas sin.
Thosaigh Robespierre ar an mbealach chuig an gcumhacht agus é ina abhcóide nuacháilithe, nuair a bhí sé ag obair ar son na gcliant bocht a bhí aige ina bhaile dúchais, Arras. Bhí sé ina ionchúisitheoir agus ina bhreitheamh le linn dó páirt a ghlacadh sa pholaitíocht idir 1789 agus 1794.
Bhí sé thíos seal, thuas seal ó thaobh na polaitíochta de, ag brath ar thionchar na Seacaibíneach ag an am. Bhí sé i mbarr a chumhachta mar bhall de Choiste na Slándála Poiblí idir Iúil 1793 agus Iúil 1794.
Is é Robespierre a bhain úsáid den chéad uair as an mana "Saoirse, Comhionannas, Bráithreachas!" in óráid a thug sé i mí Meán Fómhair 1790.
Bású.
Ar an 28 Iúil 1794 a dícheannadh gan triail é, i bPáras, i gCearnóg na Réabhlóide, lá tar éis don Chomhdháil Náisiúnta é a shéanadh, in éineacht le ceannairí eile de Choiste na Slándála Poiblí, mar fhreagairt ar Ré an Uafáis a chuir siad i gcion ar an bPoblacht ó mhí Meán Fómhair na bliana roimhe sin.
| 627
|
Gailearaí Eolaíochta. Is éard is an Gailearaí Eolaíochta ná músaem eolaíochta poiblí atá suite i gColáiste na Tríonóide, Áth Cliath. Osclaíodh é in Institúid Neachtain sa Choláiste sa bhliain 2008. Cuireann sé léachtanna agus taispeántais ar bun d'fhonn for-rochtain eolaíochta a bhaint amach.
| 118
|
Decamerone. Is leabhar le Giovanni Boccaccio é Decamerone (ón sean-Ghréigis δἐκα, déka, "deich", agus ἡμέρα, hēméra "lá") a thagraíonn don deich lá ar a bhfuil an leabhar bunaithe. Ceaptar gur scríobhadh é idir 1349 agus 1353 agus breacadh síos é in Iodáilis bunúsach.
Na scéalta.
Insítear dúinn faoi seachtar ban óg agus triúr stócach a bhfuil ar teitheadh ón ngalar dubh (nó an An Phlá Mhór) i bhFlóiréans sa tríú haois déag. I dteach sna chnoic, réitíonn siad go n-inseoidh gach duine den deichniúr scéal gach lá den deich lá atá siad sainithe ann. Is féidir eolas cruinn a aimsiú faoin ngalar dubh agus an chaoi ar chuaigh sé i bhfeidhm ar muintir na hEorpa ag an t-am sin tríd iniúchadh géar a dhéanamh ar an leabhar.
Bhí dhá lá sa bhreis acu, ceann a úsáideadh le haghaidh obair tí agus an ceann eile a bhí mar bhriseadh i gcomhair ómós a thabhairt do Dhia.
Sé tús an leabhair ná:
Is é sin foinse an chéad scéal ar bhunaíodh an leabhar.
Léirmheas.
Is dócha gurb é an Decameron - an chéad saothar próis i dteanga nua-aimseartha - ba mhó a chuaigh i gcion ar scríbhneoirí tar éis na hAthbheochana. Séard a bhí ann ná céad scéal ag déileáil le nádúr an duine agus a staid éidreorach sa saol.
D’úsáid Boccaccio stíl nua a d'aontaigh eilimintigh an "romans" chuirtéisigh agus eilimintí an "fabliau" agus freisin rinne sé scigmhagadh ar fhoirmeacha eile meánaoiseacha.
Tionchar.
Tá tionchar ollmhór ag an leabhar ar litríocht ó ghlúin go glúin. Deirtear mar shampla gur bhunaíodh cuid de "Canterbury Tales" le Geoffrey Chaucer air. Chuaigh scríbhneoireacht Boccaccio i gcion ar leithéidí Marguerite de Navarre sa bhFrainc, a scríobh an "Heptaméron"; George Pettie sa Bhreatain, agus Cervantes a scríobh "Novelas Ejemplares" - scéalta gearra bríomhara. Agus gan amhras ar Rabelais, a scríobh "Gargantua" agus "Pantagruel", aor ar institiúidí an ama.
De bharr an gáirsiúlacht - agus in ainneoin an greann bunúsach - cuireadh cosc ar an leabhar ó am go chéile i rith na céadta ó shin.
Gaeilge.
Faightear cuid de na scéalta i mbéaloideas na hÉireann.
| 828
|
Walt Disney Pictures. Baineann an t-ainm Walt Disney Pictures le roinnt aonad difriúil atá bainteach le The Walt Disney Company. Bunaíodh Walt Disney Pictures, mar mheirge scannán, sa bhliain 1983.
| 64
|
Francisco Pizarro. Taiscéalaí agus saighdiúir ("conquistador") Spáinneach ab ea Francisco Pizarro González, an Chéad Marqués de los Atabillos (c. 1471 nó 1476 – 26 Meitheamh 1541). Bhí sé ina choncar ar Impireacht na nInceach, agus an duine a bhunaigh Líoma, príomhchathair nua-aimseartha Pheiriú.
Rugadh é i dTrujillo, Extremadura agus maraíodh é i Líoma.
| 147
|
Liosta Príomhscannáin Disney. Liosta Príomhscannáin Disney seo.
| 26
|
Ennis del Mar. Is carachtar cumtha é Ennis Del Mar (1944 a rugadh é) sa gearrscéal Brokeback Mountain.
| 35
|
Jack Twist. Is carachtar cumtha é Jack Twist (1944 a rugadh é) sa ghearrscéal Brokeback Mountain.
| 32
|
Eric Roberts. Is aisteoir Meiriceánach é Eric Roberts (18 Aibreán 1956 a rugadh é).
| 29
|
Sienna Miller. Is ban-aisteoir Angla-Meiriceánach í Sienna Miller (28 Nollaig 1981 a rugadh í).
| 35
|
X2 (scannán). Scannán ón bhliain 2003 is ea X2.
| 24
|
Maothán cúlphlaice. Is é rud is maothán cúlphlaice ann ná an lárionad próiseála amhairc in inchinn an mhamaigh, ina mbíonn an chuid is mó de réigiúin anatamaíocha na coirtéise amhairc ar fáil.
| 80
|
Subsets and Splits
No community queries yet
The top public SQL queries from the community will appear here once available.